+Airteagal 64
---+Airteagal 64 1.
---+Airteagal 64 2.
---+Airteagal 64 3.
---+Airteagal 64 4.
---+Airteagal 64 5.
---+Airteagal 64 6.
---+Airteagal 64 7.
|
Airteagal 64
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 64 1.
|
Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as pleanáil fhoriomlán agus as cur i gcrích na gcúraimí a thugtar don Údarás de bhun Airteagal 5. Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí uile an Údaráis cé is moite de na cinntí atá le glacadh ag an mBord Ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 60.
|
|
Airteagal 64 2.
|
Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na cinntí a dhíreofar chuig eintitis roghnaithe faoi oibleagáid chun na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) a fheidhmiú, agus an togra ó chomhfhoireann maoirseachta an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 16, an togra ón bhfoireann imscrúdúcháin neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 27, agus an tuairim a thug an Bord Ginearálta maidir leis an gcinneadh beartaithe sin de bhun Airteagal 60(2) á gcur san áireamh. I gcás ina gcinneann an Bord Feidhmiúcháin diall ón tuairim sin, tabharfaidh sé na cúiseanna mionsonraithe leis sin i scríbhinn.
|
|
Airteagal 64 3.
|
Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na cinntí a dhíreofar chuig na húdaráis phoiblí aonair de bhun Airteagail 14, 30, agus 32 go 36.
|
|
Airteagal 64 4.
|
Ina theannta sin, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin na cúraimí seo a leanas:
(a)
an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh, faoin 30 Samhain gach bliain, ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 65, agus é a tharchur mar fhaisnéis chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn, chomh maith le haon leagan nuashonraithe eile den doiciméad a ghlacadh agus a tharchur;
(b)
dréachtbhuiséad bliantúil an Údaráis a ghlacadh agus feidhmeanna eile i leith bhuiséad an Údaráis a fheidhmiú;
(c)
tuairisc bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a mheasúnú agus a ghlacadh, lena n-áirítear forléargas ar chomhlíonadh a chúraimí, í a tharchur, faoin 1 Iúil gach bliain, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus í a phoibliú;
(d)
straitéis frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach le rioscaí calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;
(e)
rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin;
(f)
a rialacha nós imeachta a ghlacadh;
(g)
cumhachtaí an údaráis ceapacháin a fheidhmiú, maidir le foireann an Údaráis;
(h)
rialacha cur chun feidhme iomchuí a ghlacadh chun feidhm a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;
(i)
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus é nó í a chur as oifig, i gcomhréir le hAirteagal 70(5);
(j)
oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, a d’fhéadfadh gurb é an duine sin oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas;
(k)
a áirithiú go ndéanfar obair leantach leormhaith ar fhionnachtana agus ar mholtaí a eascraíonn as na tuairiscí iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus as imscrúduithe OLAF;
(l)
na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an Údarás a ghlacadh;
(m)
gach cinneadh a dhéanamh maidir le struchtúir inmheánacha an Údaráis a bhunú agus, i gcás inar gá, maidir lena modhnú.
|
|
Airteagal 64 5.
|
Roghnóidh an Bord Feidhmiúcháin Leas-Chathaoirleach ar an Údarás as measc a chomhaltaí ag a bhfuil ceart vótála. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad Chathaoirleach an Údaráis go huathoibríoch mura mbeidh an Cathaoirleach ábalta a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 64 6.
|
Maidir leis na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 4, pointe (h), den Airteagal seo, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena dtarmligfear cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.
|
|
Airteagal 64 7.
|
In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin trí chinneadh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus aon fho-tharmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sin a chur ar fionraí ar bhonn sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|