+Airteagal 96
---+Airteagal 96 1.
---+Airteagal 96 2.
---+Airteagal 96 3.
---+Airteagal 96 4.
---+Airteagal 96 5.
|
Airteagal 96
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 96 1.
|
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh an Údaráis.
|
|
Airteagal 96 2.
|
Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 CFAE faoi seach.
|
|
Airteagal 96 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an gceart rochtana ar dhoiciméid i leith faisnéis rúnda ina gcuimseofar an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis nó sonraí an Údaráis, na maoirseoirí airgeadais nó na n-eintiteas faoi oibleagáid, a fuarthas mar thoradh ar na cúraimí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus i gCaibidil II, Roinn 3, a dhéanamh;
(b)
aon sonraí oibríochtúla nó faisnéis a bhaineann leis na sonraí oibríochtúla sin de chuid an Údaráis agus FIUnna atá i seilbh an Údaráis mar thoradh ar na cúraimí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) agus i gCaibidil II, Roinn 6, a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 96 4.
|
Féadfar an fhaisnéis rúnda dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), a bhaineann le nós imeachta maoirseachta, a nochtadh go hiomlán nó i bpáirt do na heintitis faoi oibleagáid ar páirtithe iad sa nós imeachta maoirseachta sin, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní chuimseoidh an rochtain sin doiciméid inmheánacha an Údaráis ná doiciméid inmheánacha maoirseoirí airgeadais ná comhfhreagras eatarthu.
|
|
Airteagal 96 5.
|
Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus na rialacha maidir le nochtadh faisnéise a bhaineann le nósanna imeachta maoirseachta a chur i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|