|
+IARSCRÍBHINN I Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le tosca géaraitheacha agus le tosca maolaitheacha chun Airteagal 22 a chur i bhfeidhm |
IARSCRÍBHINN I Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le tosca géaraitheacha agus le tosca maolaitheacha chun Airteagal 22 a chur i bhfeidhm
IARSCRÍBHINN I Liosta de na comhéifeachtaí atá nasctha le tosca géaraitheacha agus le tosca maolaitheacha chun Airteagal 22 a chur i bhfeidhm Beidh na comhéifeachtaí seo a leanas infheidhme ar bhealach carnach maidir leis na méideanna bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 22(4) ar bhonn gach ceann de na tosca géaraitheacha agus de na tosca maolaitheacha seo a leanas:
I.
Comhéifeachtaí um choigeartú atá nasctha le tosca géaraitheacha:
1.
I gcás ina ndearnadh an sárú arís agus arís eile, beidh feidhm ag comhéifeacht bhreise 1,1 i ndáil le gach uair a rinneadh an sárú athuair.
2.
I gcás ina ndearnadh an sárú ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 .
3.
I gcás ina mbeidh léirithe ag an sárú laigí sistéamacha in eagar an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid, go háirithe ina nósanna imeachta, ina chórais bhainistíochta nó ina rialuithe inmheánacha, beidh feidhm ag comhéifeacht 2,2 .
4.
I gcás ina ndearnadh an sárú d’aon ghnó, beidh feidhm ag comhéifeacht 3.
5.
I gcás nach bhfuil aon ghníomhaíocht leasúcháin déanta ón am a ndearnadh an sárú a shainaithint, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,7 .
6.
I gcás nach bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid tar éis dul i gcomhar leis an Údarás le linn dó a chuid imscrúduithe a chur i gcrích, beidh feidhm ag comhéifeacht 1,5 .
II.
Comhéifeachtaí um choigeartú atá nasctha le tosca maolaitheacha:
1.
I gcás ina bhfuil bainistíocht shinsearach an eintitis roghnaithe faoi oibleagáid in ann a léiriú go ndearna siad gach beart is gá chun an sárú a chosc, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,7 .
2.
I gcás ina gcuireann an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid an sárú iomlán in iúl don Údarás go tapa agus go héifeachtach, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,4 .
3.
I gcás ina mbeidh an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, dá dheoin féin, tar éis bearta a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir le sáruithe comhchosúla tarlú a thuilleadh amach anseo, beidh feidhm ag comhéifeacht 0,6 . 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|