+Airteagal 4 Straitéis um athléimneacht eintiteas criticiúil
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
|
Airteagal 4 Straitéis um athléimneacht eintiteas criticiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Tar éis comhairliúchán a bheidh ar oscailt do na geallsealbhóirí ábhartha a oiread agus is féidir go praiticiúil, glacfaidh gach Ballstát straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil (“an straitéis”) a fheabhsú faoin 17 Eanáir 2026. Leagfar amach leis an straitéis cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais, lena dtógfar ar straitéisí náisiúnta agus earnála ábhartha agus ar phleananna nó doiciméid chosúla ábhartha, atá ann cheana féin, agus lena gcumhdófar ar a laghad na hearnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn, d’fhonn ardleibhéal athléimneachta ó thaobh na n-eintiteas criticiúil a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh i ngach straitéis:
|
(a)
|
cuspóirí straitéiseacha agus tosaíochtaí chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú agus spleáchais agus idirspleáchais trasteorann agus trasearnálacha á gcur san áireamh;
|
|
(b)
|
creat rialachais chun cuspóirí straitéiseacha agus tosaíochtaí a bhaint amach, lena n)áirítear tuairisc ar róil agus ar fhreagrachtaí na n-údarás éagsúil, na n-eintiteas criticiúil agus na bpáirtithe eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme na straitéise;
|
|
(c)
|
tuairisc ar na bearta is gá chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú, lena n-áirítear tuairisc ar an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 5;
|
|
(d)
|
tuairisc ar an bpróiseas trína sainaithnítear eintitis chriticiúla;
|
|
(e)
|
tuairisc ar an bpróiseas lena dtacaítear le heintitis chriticiúla i gcomhréir leis an gCaibidil seo, lena n-áirítear bearta chun comhar a fheabhsú idir an earnáil phoiblí, ar thaobh amháin, agus an earnáil phríobháideach agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha ar an taobh eile;
|
|
(f)
|
liosta de na príomhúdaráis agus de na geallsealbhóirí ábhartha, seachas eintitis chriticiúla, atá páirteach i gcur chun feidhme na straitéise;
|
|
(g)
|
creat beartais le haghaidh comhordú idir na húdaráis inniúla faoin Treoir seo (“údaráis inniúla”), agus na húdaráis inniúla faoi Threoir (AE) 2022/2555 chun críocha faisnéis a mhalartú maidir le rioscaí cibearshlándála, cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais, agus rioscaí, bagairtí agus teagmhais, nach bhfuil cibirghné ag baint leo, agus chun cúraimí maoirseachta a fheidhmiú;
|
|
(h)
|
tuairisc ar na bearta atá i bhfeidhm cheana arb é is aidhm dóibh cur chun feidhme na n-oibleagáidí faoi Chaibidil III den Treoir seo ag fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (31) a éascú, ar bearta iad arna sainaithint mar eintitis chriticiúla ag an mBallstát i dtrácht.
|
Tar éis comhairliúcháin atá, a mhéid is féidir go praiticiúil, ar oscailt do gheallsealbhóirí ábhartha, tabharfaidh na Ballstáit a gcuid straitéisí cothrom le dáta gach ceithre bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 4 3
|
3. Déanfaidh na Ballstáit a gcuid straitéisí, agus nuashonruithe substaintiúla orthu, a chur in iúl don Choimisiún laistigh de 3 mhí tar éis dháta a nglactha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.12.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022L2557
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|