+Airteagal 5 Ligean isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
|
Airteagal 5 Ligean isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála seachas comharthaí sócmhainn-tagartha nó comharthaí ríomh-airgid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Ní iarrfaidh duine go ligfí isteach cripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid chun a trádála laistigh den Aontas ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas i leith an duine sin:
(b)
tá páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin tarraingthe suas aige i gcomhréir le hAirteagal 6;
(c)
tá fógra faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní tugtha aige i gcomhréir le hAirteagal 8;
(d)
tá an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;
(e)
tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin dréachtaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 7;
(f)
tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;
(g)
comhlíonann sé na ceanglais do dhaoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála a leagtar síos in Airteagal 14.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Nuair a ligtear cripteashócmhainn isteach chun a trádála ar thionscnamh oibreora ardáin trádála agus nár foilsíodh páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 9 sna cásanna a cheanglaítear leis an Rialachán seo, comhlíonfaidh oibreoir an ardáin trádála sin le haghaidh cripteashócmhainní na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5 3.
|
De mhaolú ar mhír 1, duine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid chun a trádála agus oibreoir an ardáin trádála lena mbaineann, féadfaidh siad a chomhaontú i scríbhinn gurb é oibreoir an ardáin trádála é a mbeidh sé de cheangal air na ceanglais uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (g), nó cuid díobh, a chomhlíonadh. Luafar go soiléir sa chomhaontú i scríbhinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go bhfuil sé de cheangal ar an duine a bhfuil ligean isteach chun trádála á iarraidh aige an fhaisnéis uile is gá a sholáthar d’oibreoir an ardáin trádála chun a chur ar chumas an oibreora sin na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) go (g), a chomhlíonadh, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointí (b), (c) agus (d), sna cásanna seo a leanas:
(a)
tá an chripteashócmhainn ligthe isteach chun a trádála cheana ar ardán trádála eile le haghaidh cripteashócmhainní san Aontas; agus
(b)
déantar an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 6, arna nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 12, agus toilíonn an duine atá freagrach as páipéar bán den sórt sin a tharraingt suas lena úsáid i scríbhinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|