|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Ní iarrfaidh duine go ligfí isteach cripteashócmhainn seachas comhartha sócmhainn-tagartha nó comhartha ríomh-airgid chun a trádála laistigh den Aontas ach amháin más rud é gur fíor an méid seo a leanas i leith an duine sin:
(a)
is duine dlítheanach é;
(b)
tá páipéar bán maidir le cripteashócmhainní i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin tarraingthe suas aige i gcomhréir le hAirteagal 6;
(c)
tá fógra faoin bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní tugtha aige i gcomhréir le hAirteagal 8;
(d)
tá an páipéar bán maidir le cripteashócmhainní foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;
(e)
tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin dréachtaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 7;
(f)
tá an chumarsáid mhargaíochta, más ann di, i dtaca leis an gcripteashócmhainn sin foilsithe aige i gcomhréir le hAirteagal 9;
(g)
comhlíonann sé na ceanglais do dhaoine atá ag iarraidh go ligfí isteach cripteashócmhainní chun a dtrádála a leagtar síos in Airteagal 14. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|