|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas san iarratas dá dtagraítear i mír 1:
(a)
seoladh an eisitheora is iarratasóir;
(b)
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora is iarratasóir;
(c)
airteagail chomhlachais an eisitheora is iarratasóir, i gcás inarb infheidhme;
(d)
clár oibríochtaí, ina leagtar amach an tsamhail ghnó a bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir í a leanúint;
(e)
tuairim dhlíthiúil nach gcáilíonn an comhartha sócmhainn-tagartha mar cheachtar díobh seo a leanas:
(i)
cripteashócmhainn atá eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(4); nó
(ii)
comhartha ríomh-airgid;
(f)
tuairisc mhionsonraithe ar shocruithe rialachais an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 34(1);
(g)
i gcás inarb ann do shocruithe comhair le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní sonracha, tuairisc ar a sásraí rialaithe inmheánaigh agus ar a nósanna imeachta um rialú inmheánach chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a áirithiú maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc faoi Threoir (AE) 2015/849;
(h)
céannacht chomhaltaí chomhlacht bainistíochta an eisitheora is iarratasóir;
(i)
cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (h) agus go bhfuil an t-eolas iomchuí, na scileanna iomchuí agus an taithí iomchuí acu chun an t-eisitheoir is iarratasóir a bhainistiú;
(j)
cruthúnas go bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar aon scairshealbhóir nó comhalta, bíodh sé díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchas cháilitheach aige san eisitheoir is iarratasóir;
(k)
páipéar bán maidir le cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 19;
(l)
na beartais agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an chéad fhomhír;
(m)
tuairisc ar na socruithe conarthacha leis na heintitis tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 34(5), an dara fomhír;
(n)
tuairisc ar bheartas leanúnachais gnó an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 34(9);
(o)
tuairisc ar shásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta um bainistiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 34(10);
(p)
tuairisc ar na córais agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí dá dtagraítear in Airteagal 34(11) a choimirciú;
(q)
tuairisc ar nósanna imeachta láimhseála gearán an eisitheora is iarratasóir dá dtagraítear in Airteagal 31;
(r)
i gcás inarb infheidhme, liosta de na Ballstáit óstacha ina bhfuil sé beartaithe ag an eisitheoir is iarratasóir an comhartha sócmhainn-tagartha a thairiscint don phobal nó a bhfuil sé beartaithe aige a iarraidh go ligfí isteach an comhartha sócmhainn-tagartha chun a thrádála. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|