|
+Airteagal 35 3. |
Airteagal 35 3.Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile a cheangal ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha méid cistí dílse a shealbhú atá suas le 20 % níos airde ná an méid a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina léirítear le measúnú ar aon cheann díobh seo a leanas leibhéal níos airde riosca:
(a)
an mheastóireacht ar phróisis bainistithe riosca agus sásraí rialaithe inmheánaigh eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha dá dtagraítear in Airteagal 34(1), (8) agus (10);
(b)
cáilíocht agus luaineacht an chúlchiste sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 36;
(c)
na cineálacha ceart a dheonaíonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha do shealbhóirí an chomhartha sócmhainn-tagartha i gcomhréir le hAirteagal 39;
(d)
i gcás ina n-áirítear infheistíochtaí sa chúlchiste sócmhainní, na rioscaí i leith an chúlchiste sócmhainní a bhaineann leis an mbeartas infheistíochta;
(e)
an luach comhiomlán agus an líon idirbheart a shocraítear sa chomhartha sócmhainn-tagartha;
(f)
tábhacht na margaí ar a dtairgtear agus ar a margaítear an comhartha sócmhainn-tagartha;
(g)
i gcás inarb infheidhme, caipitliú margaidh an chomhartha sócmhainn-tagartha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|