|
+Airteagal 35 6. |
Airteagal 35 6.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear tuilleadh an méid seo a leanas:
(a)
an nós imeachta agus an tréimhse ama atá ag eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha chun dul in oiriúint do cheanglais maidir le cistí dílse níos airde mar a leagtar amach i mír 3;
(b)
na critéir chun méid níos airde cistí dílse a éileamh mar a leagtar amach i mír 3;
(c)
na híoscheanglais maidir le cláir tástála struis a dhearadh, agus méid, castacht agus cineál an chomhartha sócmhainn-tagartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:
(i)
na cineálacha tástála struis agus a bpríomhchuspóirí agus a bpríomhfheidhmeanna;
(ii)
minicíocht na gcleachtaí éagsúla tástála struis;
(iii)
na socruithe rialachais inmheánaigh;
(iv)
an bonneagar sonraí iomchuí;
(v)
modheolaíocht agus inchreidteacht na dtoimhdí;
(vi)
cur i bhfeidhm phrionsabal na comhréireachta maidir leis na híoscheanglais ar fad, bídís cainníochtúil nó cáilíochtúil; agus
(vii)
tréimhsiúlacht íosta na dtástálacha struis agus paraiméadair thagartha chomhchoiteanna na gcásanna tástála struis. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|