|
+Airteagal 36 4. |
Airteagal 36 4.Forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear a thuilleadh na ceanglais leachtachta, agus aird á tabhairt ar mhéid, castacht agus cineál an chúlchiste sócmhainní agus an chomhartha sócmhainn-tagartha é féin. Bunófar leis na caighdeáin theicniúla rialála an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
an céatadán ábhartha den chúlchiste sócmhainní de réir aibíochtaí laethúla, lena n-áirítear an céatadán de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais is féidir a fhoirceannadh trí réamhfhógra aon lae oibre amháin a thabhairt, nó an céatadán d’airgead tirim is féidir a aistarraingt trí réamhfhógra aon lae oibre amháin a thabhairt;
(b)
an céatadán ábhartha den chúlchiste sócmhainní de réir aibíochtaí seachtainiúla, lena n-áirítear an céatadán de chomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais is féidir a fhoirceannadh trí réamhfhógra 5 lá oibre a thabhairt, nó an céatadán d’airgead tirim is féidir a aistarraingt trí réamhfhógra 5 lá oibre a thabhairt;
(c)
aibíochtaí ábhartha eile, agus teicnící foriomlána le haghaidh bainistiú leachtachta;
(d)
na híosmhéideanna i ngach airgeadra oifigiúil dá dtagraítear a shealbhú mar thaiscí in institiúidí creidmheasa, nach féidir a bheith níos lú ná 30 % den mhéid dá dtagraítear i ngach airgeadra oifigiúil. Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den dara fomhír, cuirfidh ÚBE san áireamh, i measc nithe eile, na tairseacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52 de Threoir 2009/65/CE. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|