+Airteagal 38 Infheistíocht an chúlchiste sócmhainní
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
|
Airteagal 38 Infheistíocht an chúlchiste sócmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
Na heisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha a infheistíonn cuid den chúlchiste sócmhainní, ní dhéanfaidh siad na sócmhainní sin a infheistiú ach in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe. Beifear in ann na hinfheistíochtaí a leachtú go tapa gan ach éifeacht dhíobhálach íosta a imirt ar phraghsanna.
|
|
Airteagal 38 2.
|
Measfar aonaid i ngnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a bheith ina sócmhainní lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe chun críocha mhír 1, i gcás nach n-infheistíonn an GCUI sin ach i sócmhainní mar atá sonraithe tuilleadh ag ÚBE i gcomhréir le mír 5 agus i gcás ina n-áirithíonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha go ndéantar an cúlchiste sócmhainní a infheistiú ar bhealach ina n-íoslaghdaítear an riosca comhchruinnithe.
|
|
Airteagal 38 3.
|
Déanfar na hionstraimí airgeadais ina n-infheistítear an cúlchiste sócmhainní a choimeád faoi chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 37.
|
|
Airteagal 38 4.
|
Is é eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha a iompróidh an brabús nó an caillteanas uile, lena n-áirítear luaineacht i luach na n-ionstraimí airgeadais dá dtagraítear i mír 1, agus aon riosca contrapháirtí nó oibriúcháin a thagann chun cinn mar thoradh ar infheistíocht an chúlchiste sócmhainní.
|
|
Airteagal 38 5.
|
Forbróidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach agus lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 1. Agus na hionstraimí airgeadais sin á sonrú aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na cineálacha éagsúla sócmhainní is féidir a bheith faoi thagairt ag comhartha sócmhainn-tagartha;
(b)
an comhghaol idir na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus na hionstraimí airgeadais fíorleachtacha ina bhféadfadh an t-eisitheoir infheistiú;
(c)
an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a shonraítear tuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (
15
);
(d)
srianta ar chomhchruinniú lena gcuirtear cosc ar an eisitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
níos mó ná céatadán áirithe de chúlsócmhainní a infheistiú in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe arna n-eisiúint ag eintiteas aonair;
(ii)
níos mó ná céatadán áirithe de chripteashócmhainní nó sócmhainní a choimeád faoi chumhdach le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó institiúidí creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
), nó gnólachtaí infheistíochta.
Chun críocha phointe (d)(i) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚBE teorainneacha oiriúnacha chun na ceanglais chomhchruinnithe a chinneadh. Cuirfear san áireamh sna teorainneacha sin, i measc tairseacha eile, na tairseacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52 de Threoir 2009/65/CE. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|