|
+Airteagal 38 5. |
Airteagal 38 5.Forbróidh ÚBE, i gcomhar le ESMA agus le BCE, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na hionstraimí airgeadais is féidir a mheas a bheith fíorleachtach agus lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe dá dtagraítear i mír 1. Agus na hionstraimí airgeadais sin á sonrú aige, cuirfidh ÚBE an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
na cineálacha éagsúla sócmhainní is féidir a bheith faoi thagairt ag comhartha sócmhainn-tagartha;
(b)
an comhghaol idir na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha agus na hionstraimí airgeadais fíorleachtacha ina bhféadfadh an t-eisitheoir infheistiú;
(c)
an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 412 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus mar a shonraítear tuilleadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún ( 15 );
(d)
srianta ar chomhchruinniú lena gcuirtear cosc ar an eisitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
níos mó ná céatadán áirithe de chúlsócmhainní a infheistiú in ionstraimí airgeadais fíorleachtacha lena mbaineann riosca íosta margaidh, riosca íosta creidmheasa agus riosca íosta comhchruinnithe arna n-eisiúint ag eintiteas aonair;
(ii)
níos mó ná céatadán áirithe de chripteashócmhainní nó sócmhainní a choimeád faoi chumhdach le soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní nó institiúidí creidmheasa a bhaineann leis an ngrúpa céanna, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), nó gnólachtaí infheistíochta. Chun críocha phointe (d)(i) den chéad fhomhír, ceapfaidh ÚBE teorainneacha oiriúnacha chun na ceanglais chomhchruinnithe a chinneadh. Cuirfear san áireamh sna teorainneacha sin, i measc tairseacha eile, na tairseacha ábhartha a leagtar síos in Airteagal 52 de Threoir 2009/65/CE. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|