|
+Airteagal 39 2. |
Airteagal 39 2.Arna iarraidh sin do shealbhóir comhartha sócmhainn-tagartha, fuasclóidh eisitheoir comhartha den sórt sin trí mhéid i gcistí a íoc, seachas ríomh-airgead, atá coibhéiseach le margadhluach na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha sócmhainn-tagartha atá á shealbhú nó trí na sócmhainní atá faoi thagairt ag an gcomhartha a sheachadadh. Bunóidh eisitheoirí beartas maidir le buancheart fuascailte den sórt sin lena leagtar amach an méid seo a leanas:
(a)
na coinníollacha, lena n-áirítear na tairseacha, na tréimhsí agus na hachair ama, atá ag sealbhóirí comharthaí sócmhainn-tagartha ceart fuascailte den sórt sin a fheidhmiú;
(b)
na sásraí agus na nósanna imeachta chun fuascailt na gcomharthaí sócmhainn-tagartha a áirithiú, lena n-áirítear in imthosca struis sa mhargadh, agus i gcomhthéacs chur chun feidhme an phlean téarnaimh a leagtar amach in Airteagal 46 nó, i gcás fuascailt ordúil comharthaí sócmhainn-tagartha, faoi Airteagal 47;
(c)
luacháil na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na gcúlsócmhainní, nó prionsabail luachála na gcomharthaí sócmhainn-tagartha agus na gcúlsócmhainní, nuair is é sealbhóir na gcomharthaí sócmhainn-tagartha a fheidhmíonn an ceart fuascailte, lena n-áirítear tríd an modheolaíocht luachála a leagtar amach in Airteagal 36(11) a úsáid;
(d)
na coinníollacha chun an fhuascailt a shocrú; agus
(e)
bearta a dhéanann na heisitheoirí chun méaduithe nó laghduithe ar an gcúlchiste sócmhainní a bhainistiú go leordhóthanach chun aon drochthionchar ar mhargadh na gcúlsócmhainní a sheachaint. I gcás ina nglacann eisitheoirí, agus comhartha sócmhainn-tagartha á dhíol acu, le híocaíocht i gcistí seachas ríomh-airgead, atá ainmnithe in airgeadra oifigiúil, cuirfidh siad rogha ar fáil i gcónaí an comhartha a fhuascailt i gcistí seachas ríomh-airgead, atá ainmnithe san airgeadra oifigiúil céanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|