|
+Airteagal 105 3. |
Airteagal 105 3.Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil toirmeasc nó srian a fhorchur faoin Airteagal seo ach amháin más rud é, tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an am a bheartófar go ngabhfaidh éifeacht leis an mbeart, go mbeidh fógra tugtha aige do gach údarás inniúil eile agus do ESMA, nó do ÚBE maidir le comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid, ar fógra é a bheidh i scríbhinn nó trí mheán eile a bheidh aontaithe idir na húdaráis, maidir le mionsonraí na nithe seo a leanas:
(a)
an chripteashócmhainn nó an ghníomhaíocht nó an cleachtas lena mbaineann an beart a mholtar;
(b)
cineál beacht an toirmisc nó an tsriain a mholtar agus an dáta a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis; agus
(c)
an fhianaise a mbeidh sé tar éis a chinneadh a bhunú uirthi agus a bhfuil sé sásta ina leith go mbeidh gach ceann de na coinníollacha i mír 2, an chéad fhomhír, comhlíonta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|