|
+Airteagal 111 1. |
Airteagal 111 1.Gan dochar d’aon phionóis choiriúla agus gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha na n-údarás inniúil a liostaítear in Airteagal 94, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil maidir le cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla chun pionóis riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a dhéanamh maidir leis na sáruithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
sáruithe ar Airteagail 4 go 14;
(b)
sáruithe ar Airteagail 16, 17, 19, 22, 23, 25, Airteagail 27 go 41, Airteagail 46 agus 47;
(c)
sáruithe ar Airteagail 48 go 51, ar Airteagail 53, 54 agus 55;
(d)
sáruithe ar Airteagail 59, 60, 64 agus ar Airteagail 65 go 83;
(e)
sáruithe ar Airteagail 88 go 92;
(f)
easpa comhair nó neamhchomhlíonadh i ndáil le himscrúdú, cigireacht nó iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 94(3). Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos le haghaidh pionóis riaracháin i gcás ina mbeidh na sáruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), (b), (c), (d) nó (e), faoi réir pionóis choiriúla ina ndlí náisiúnta cheana faoin 30 Meitheamh 2024. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún, do ESMA agus do ÚBE i dtaobh na gcodanna ábhartha dá ndlí coiriúil. Faoin 30 Meitheamh 2025, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra freisin don Choimisiún, do ÚBE agus do ESMA gan mhoill i dtaobh aon leasú ina dhiaidh sin orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|