|
+Airteagal 114 2. |
Airteagal 114 2.I gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhfuil foilsiú chéannacht na n-eintiteas dlítheanach nó chéannacht nó sonraí pearsanta na ndaoine nádúrtha míréireach agus sin mar gheall ar mheasúnú cás ar chás a rinneadh maidir le comhréireacht fhoilsiú na sonraí sin, nó i gcás ina gcuirfeadh foilsiú den sórt sin imscrúdú atá ar siúl ag an am sin i mbaol, déanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)
foilsiú an chinnidh chun pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur a chur siar go dtí an tráth a scoirfidh cúiseanna a neamhfhoilsithe de bheith ann;
(b)
an cinneadh a fhoilsiú chun pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur gan ainm ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás ina n-áirithítear, leis an bhfoilsiú gan ainm sin, cosaint éifeachtach na sonraí pearsanta lena mbaineann;
(c)
gan an cinneadh maidir le pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhorchur i gcás ina meastar nach leor iad na roghanna dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
nach gcuirtear cobhsaíocht na margaí airgeadais i mbaol;
(ii)
comhréireacht i dtaca le cinneadh mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad. Má dhéantar cinneadh pionós riaracháin nó beart eile riaracháin a fhoilsiú gan ainm, amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar go ceann tréimhse réasúnach i gcás ina dtuartar go mbeidh deireadh laistigh den tréimhse sin leis na cúiseanna a bheith ann don fhoilsiú sin gan ainm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|