|
+Airteagal 119 6. |
Airteagal 119 6.Beidh bunú agus feidhmiú an choláiste dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar chomhaontú i scríbhinn idir a chomhaltaí uile. Sa chomhaontú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cinnfear na socruithe praiticiúla maidir le feidhmiú an choláiste, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na nósanna imeachta vótála amhail dá dtagraítear in Airteagal 120(3);
(b)
na nósanna imeachta chun clár oibre chruinnithe an choláiste a shocrú;
(c)
minicíocht chruinnithe an choláiste;
(d)
na hachair ama íosta iomchuí i ndáil leis an measúnú a dhéanfaidh comhaltaí an choláiste ar an doiciméadacht ábhartha;
(e)
na módúlachtaí cumarsáide idir comhaltaí an choláiste;
(f)
roinnt coláistí a chruthú, coláiste amháin le haghaidh gach cripteashócmhainne nó grúpa cripteashócmhainní ar leith. Féadfar sa chomhaontú freisin cúraimí a chinneadh atá le cur ar iontaoibh ÚBE nó ar chomhalta eile an choláiste. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|