+Airteagal 120 Tuairimí neamhcheangailteacha na gcoláistí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha
---+Airteagal 120 1.
---+Airteagal 120 2.
---+Airteagal 120 3.
---+Airteagal 120 4.
|
Airteagal 120 Tuairimí neamhcheangailteacha na gcoláistí d’eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha agus comharthaí ríomh-airgid suntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 120 1.
|
Féadfaidh coláiste dá dtagraítear in Airteagal 119(1) tuairim neamhcheangailteach a eisiúint ar an méid seo a leanas:
(a)
an t-athmheasúnú maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 117(3);
(b)
aon chinneadh ceangal a chur ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhartha ríomh-airgid shuntasaigh méid níos airde de chistí dílse a bheith ina sheilbh i gcomhréir le hAirteagal 35(2), (3) agus (5), Airteagal 45(5) agus Airteagal 58(1), de réir mar is infheidhme;
(c)
aon nuashonrú ar phlean téarnaimh nó ar phlean fuascailte eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheora comhartha ríomh-airgid shuntasaigh de bhun Airteagail 46, 47 agus 55, de réir mar is infheidhme;
(d)
aon athrú ar mhúnla gnó eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh de bhun Airteagal 25(1);
(e)
dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 25(2);
(f)
aon bhearta ceartaitheacha iomchuí atá beartaithe de bhun Airteagal 25(4);
(g)
aon bhearta maoirseachta atá beartaithe de bhun Airteagal 130;
(h)
aon chomhaontú riaracháin atá beartaithe maidir le faisnéis a mhalartú le húdarás maoirseachta tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 126;
(i)
aon tarmligean de chúraimí maoirseachta ó ÚBE chuig údarás inniúil de bhun Airteagal 138;
(j)
aon athrú atá beartaithe maidir le húdarú chomhaltaí an choláiste, nó aon bheart maoirseachta atá beartaithe ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d) go (h);
(k)
dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 51(12).
|
|
Airteagal 120 2.
|
I gcás ina n-eisíonn an coláiste tuairim i gcomhréir le mír 1, arna iarraidh sin d’aon chomhalta den choláiste agus ar a glacadh ag tromlach den choláiste i gcomhréir le mír 3, féadfaidh aon mholtaí a bheith san áireamh sa tuairim a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh an bhirt atá beartaithe ag ÚBE nó ag na húdaráis inniúla.
|
|
Airteagal 120 3.
|
Glacfar tuairim ón gcoláiste bunaithe ar thromlach simplí dá chomhaltaí. I gcás ina bhfuil roinnt comhaltaí den choláiste in aghaidh an Bhallstáit, ní bheidh vóta ach ag duine amháin de na comhaltaí sin. I gcás inar comhalta den choláiste i roinnt cáileanna é BCE, lena n-áirítear cáileanna maoirseachta, ní bheidh ach aon vóta amháin aige. Ní bheidh aon chearta vótála ag údaráis mhaoirseachta tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointe (m), i leith tuairim ón gcoláiste.
|
|
Airteagal 120 4.
|
Déanfaidh ÚBE agus na húdaráis inniúla an tuairim neamhcheangailteach ón gcoláiste a bhreithniú go cuí, ar tuairim í ar thángthas uirthi i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear aon mholtaí a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh an bhirt maoirseachta atá beartaithe i leith eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, eisitheoir comhartha ríomh-airgid shuntasaigh, eintitis nó soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d) go (h). I gcás nach n-aontóidh ÚBE nó údarás inniúil le tuairim ón gcoláiste, lena n-áirítear aon mholtaí a bhfuil sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar easnaimh an bhirt maoirseachta atá beartaithe, beidh a chúiseanna agus míniú sa chinneadh ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na moltaí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1114
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|