|
+Airteagal 120 1. |
Airteagal 120 1.Féadfaidh coláiste dá dtagraítear in Airteagal 119(1) tuairim neamhcheangailteach a eisiúint ar an méid seo a leanas:
(a)
an t-athmheasúnú maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 117(3);
(b)
aon chinneadh ceangal a chur ar eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó comhartha ríomh-airgid shuntasaigh méid níos airde de chistí dílse a bheith ina sheilbh i gcomhréir le hAirteagal 35(2), (3) agus (5), Airteagal 45(5) agus Airteagal 58(1), de réir mar is infheidhme;
(c)
aon nuashonrú ar phlean téarnaimh nó ar phlean fuascailte eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh nó eisitheora comhartha ríomh-airgid shuntasaigh de bhun Airteagail 46, 47 agus 55, de réir mar is infheidhme;
(d)
aon athrú ar mhúnla gnó eisitheora comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh de bhun Airteagal 25(1);
(e)
dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 25(2);
(f)
aon bhearta ceartaitheacha iomchuí atá beartaithe de bhun Airteagal 25(4);
(g)
aon bhearta maoirseachta atá beartaithe de bhun Airteagal 130;
(h)
aon chomhaontú riaracháin atá beartaithe maidir le faisnéis a mhalartú le húdarás maoirseachta tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 126;
(i)
aon tarmligean de chúraimí maoirseachta ó ÚBE chuig údarás inniúil de bhun Airteagal 138;
(j)
aon athrú atá beartaithe maidir le húdarú chomhaltaí an choláiste, nó aon bheart maoirseachta atá beartaithe ina leith, dá dtagraítear in Airteagal 119(2), pointí (d) go (h);
(k)
dréachtpháipéar bán modhnaithe maidir le cripteashócmhainní arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 51(12). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|