|
+Airteagal 125 2. |
Airteagal 125 2.Ní fhéadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis a mhalartú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ná de bhun iarraidh ar chomhar maidir le himscrúdú nó cigireacht ar an láthair a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagail 123 agus 124, faoi seach, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(a)
gur dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ar a imscrúdú féin, ar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin nó, i gcás inarb ábhartha, ar a imscrúdú coiriúil má chomhlíonann sé an iarraidh;
(b)
go ndearnadh imeachtaí a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha céanna os comhair chúirteanna an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh sin chucu;
(c)
gur tugadh breithiúnas críochnaitheach maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha sin de dheasca na ngníomhaíochtaí céanna sin sa Bhallstát ar díríodh an iarraidh sin chuige. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|