|
+Airteagal 130 1. |
Airteagal 130 1.Más rud é go bhfaighidh ÚBE go ndearna eisitheoir comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh sárú mar a liostaítear in Iarscríbhinn V, féadfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh scor den iompar ar sárú é;
(b)
cinneadh a ghlacadh lena bhforchuirtear fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Airteagail 131 agus 132;
(c)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh faisnéis bhreise a tharchur, i gcás inar gá chun sealbhóirí an comhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh, go háirithe sealbhóirí miondíola, a chosaint;
(d)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh tairiscint don phobal ar chripteashócmhainní a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais aige go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(e)
cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear an comhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thairiscint don phobal i gcás ina bhfaighidh sé gur sáraíodh an Rialachán seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndéanfar sárú air;
(f)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní a oibríonn ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní a lig comhartha sócmhainn-tagartha suntasach chun a thrádála trádáil cripteashócmhainne den sórt sin a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais aige go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(g)
cinneadh a ghlacadh lena dtoirmisctear an comhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thrádáil ar ardán trádála le haghaidh cripteashócmhainní i gcás ina bhfaighidh sé go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(h)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a chumarsáid mhargaíochta a leasú, i gcás ina bhfaighidh sé nach gcomhlíonann an chumarsáid mhargaíochta Airteagal 29;
(i)
cinneadh a ghlacadh chun cumarsáid mhargaíochta a chur ar fionraí nó a thoirmeasc i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
(j)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh an fhaisnéis ábhartha uile a nochtadh, ar faisnéis í ar féidir éifeacht a bheith aici ar an measúnú a dhéantar ar an gcomhartha sócmhainn-tagartha suntasach a thairgtear don phobal nó a ligtear isteach chun a thrádála chun cosaint tomhaltóirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;
(k)
rabhaidh a eisiúint go mainníonn eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo;
(l)
údarú eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh a tharraingt siar;
(m)
cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear duine nádúrtha a bhaint de chomhlacht bainistíochta eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh;
(n)
a cheangal ar eisitheoir an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh atá faoina mhaoirseacht íosmhéid ainmníochta a thabhairt isteach i leith na gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha sin nó teorainn a chur le méid an chomhartha sócmhainn-tagartha shuntasaigh arna eisiúint, i gcomhréir le hAirteagail 23(4) agus 24(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|