|
+Airteagal 141 Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadh |
Airteagal 141 Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadhAirteagal 141 Tuarascáil bhliantúil ESMA ar fhorbairtí sa mhargadh Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le ÚBE, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar na forbairtí i margaí i gcripteashócmhainní. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí. Beidh na nithe seo a leanas sa tuarascáil:
(a)
líon na n-eisiúintí cripteashócmhainní san Aontas, líon na bpáipéar bán maidir le cripteashócmhainní a cuireadh faoi bhráid na n-údarás inniúil nó ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis inniúla, cineál na gcripteashócmhainní a eisíodh agus a gcaipitliú margaidh, líon na gcripteashócmhainní a ligeadh isteach chun a dtrádála;
(b)
líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-idirbheart i gcomharthaí sócmhainn-tagartha;
(c)
líon na n-eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha, agus anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní agus méid na n-idirbheart i gcomharthaí sócmhainn-tagartha suntasacha;
(d)
líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid a údaraítear, agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla atá faoi thagairt ag na comharthaí ríomh-airgid, comhdhéanamh agus méid na gcistí arna dtaisceadh nó arna n-infheistiú i gcomhréir le hAirteagal 54, agus méid na n-íocaíochtaí arna dhéanamh i gcomharthaí ríomh-airgid;
(e)
líon na n-eisitheoirí comharthaí ríomh-airgid suntasacha, agus anailís ar na hairgeadraí oifigiúla dá dtagraítear sna comharthaí ríomh-airgid suntasacha, anailís ar chatagóirí na gcúlsócmhainní, méid na gcúlchistí sócmhainní, agus méid na n-íocaíochtaí a dhéantar i gcomharthaí ríomh-airgid suntasacha;
(f)
líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus líon na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní suntasacha;
(g)
meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint san Aontas;
(h)
i gcás inar féidir, meastachán ar líon áitritheoirí an Aontais a úsáideann nó a infheistíonn i gcripteashócmhainní arna n-eisiúint lasmuigh den Aontas agus míniú ar infhaighteacht na sonraí ina leith sin;
(i)
mapáil ar an suíomh geografach agus leibhéal na nósanna imeachta ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ agus díchill chuí custaiméara maidir le malartuithe neamhúdaraithe lena soláthraítear seirbhísí i gcripteashócmhainní d’áitritheoirí an Aontais, lena n-áirítear líon na malartuithe gan sainchónaí soiléir agus líon na malartuithe atá lonnaithe i ndlínsí atá san áireamh sa liosta de thríú tíortha ardriosca chun críocha rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta, nó ar liosta na ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, arna n-aicmiú de réir an leibhéil chomhlíonta le nósanna imeachta leordhóthanacha maidir le ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’;
(j)
cion na n-idirbheart i gcripteashócmhainní a tharlaíonn trí sholáthraí seirbhísí cripteashócmhainní nó trí sholáthraí seirbhísí neamhúdaraithe nó idir piaraí, agus méid a n-idirbheart;
(k)
líon agus luach na calaoise, na gcamscéimeanna, na haiceála, úsáid na gcripteashócmhainní le haghaidh íocaíochtaí a bhaineann le hionsaithe bogearraí éirice, le cibirionsaithe, agus gadaíocht nó cailliúint na gcripteashócmhainní a thuairiscítear san Aontas, na cineálacha iompraíochta calaoisí, an líon gearán arna bhfáil ag soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus eisitheoirí comharthaí sócmhainn-tagartha, an líon gearán arna bhfáil ag na húdaráis inniúla agus ábhair na ngearán arna bhfáil;
(l)
líon na ngearán a fuair soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, eisitheoirí agus údaráis inniúla i ndáil le faisnéis bhréagach agus mhíthreorach atá sna páipéir bhána maidir le cripteashócmhainní nó i gcumarsáid mhargaíochta, lena n-áirítear trí ardáin meán sóisialta;
(m)
cuir chuige agus roghanna féideartha, bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar thuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, chun an riosca go rachfaí timpeall ar an Rialachán seo a laghdú, lena n-áirítear i ndáil le seirbhísí cripteashócmhainní a bheith á soláthar gan údarú ag gníomhaithe tríú tír san Aontas. Soláthróidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis is gá do ESMA chun an tuarascáil a ullmhú. Chun críocha na tuarascála, féadfaidh ESMA faisnéis a iarraidh ar ghníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|