+Airteagal 79 Faisnéis atá le cur ar fáil nó le tabhairt don ábhar sonraí
---+Airteagal 79 1
---+Airteagal 79 2
---+Airteagal 79 3
|
Airteagal 79 Faisnéis atá le cur ar fáil nó le tabhairt don ábhar sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1
|
1. Déanfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a chur ar fáil don ábhar sonraí:
|
(a)
|
céannacht agus sonraí teagmhála an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais;
|
|
(b)
|
sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí;
|
|
(c)
|
críocha na próiseála dá bhfuil na sonraí pearsanta oibríochtúla beartaithe;
|
|
(d)
|
an ceart gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus a shonraí nó a sonraí teagmhála;
|
|
(e)
|
gurb ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta oibríochtúla a iarraidh ar an rialaitheoir, agus go ndéanfaí ceartú nó léirscriosadh ar na sonraí sin, nó srianadh ar phróiseáil na sonraí pearsanta oibríochtúla maidir leis an ábhar sonraí;
|
|
|
Airteagal 79 2
|
2. Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an rialaitheoir don ábhar sonraí, sna cásanna sonracha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, an fhaisnéis bhreise seo a leanas chun feidhmiú a chearta nó a cearta a chumasú:
|
(a)
|
an bunús dlí atá leis an bpróiseáil;
|
|
(b)
|
an tréimhse ar lena linn a stórálfar na sonraí pearsanta oibríochtúla, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
|
|
(c)
|
i gcás inarb infheidhme, catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta oibríochtúla, lena n-áirítear i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta;
|
|
(d)
|
i gcás inar gá, faisnéis bhreise, go háirithe i gcás ina mbailítear na sonraí pearsanta oibríochtúla i ngan fhios don ábhar sonraí.
|
|
|
Airteagal 79 3
|
3. Féadfaidh an rialaitheoir moill a chur ar sholáthar na faisnéise don ábhar sonraí, é a shrianadh nó é a fhágáil ar lár, de bhun mhír 2 sa mhéid gur beart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach é beart den sórt sin agus fad a bheidh sé riachtanach agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine nádúrtha lena mbaineann, d’fhonn:
|
(a)
|
bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;
|
|
(b)
|
dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;
|
|
(c)
|
slándáil phoiblí na mBallstát a chosaint;
|
|
(d)
|
slándáil náisiúnta na mBallstát a chosaint;
|
|
(e)
|
cearta agus saoirsí daoine eile, amhail íospartaigh agus finnéithe, a chosaint.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|