Airteagal 95
Rúndacht na n-imscrúduithe breithiúnacha agus na n-imeachtaí coiriúla
Féadfaidh na gníomhartha dlí lena mbunaítear comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, i ndéanamh na ngníomhaíochtaí dóibh a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí CFAE, oibleagáid a chur ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí maoirseachta, lánaird a thabhairt ar rúndacht imscrúduithe breithiúnacha agus imeachtaí coiriúla, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.