+Airteagal 82 An ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú nó a léirscriosadh agus srian a chur le próiseáil
---+Airteagal 82 1
---+Airteagal 82 2
---+Airteagal 82 3
---+Airteagal 82 4
---+Airteagal 82 5
---+Airteagal 82 6
|
Airteagal 82 An ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú nó a léirscriosadh agus srian a chur le próiseáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 82 1
|
1. Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta oibríochtúla míchruinne a bhaineann leis gan moill mhíchuí. Agus na críocha a ndéanfar an phróiseáil orthu á gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí pearsanta oibríochtúla neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear trí ráiteas forlíontach a sholáthar.
|
|
Airteagal 82 2
|
2. Déanfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta oibríochtúla a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí agus beidh an ceart ag an ábhar sonraí léirscriosadh sonraí pearsanta oibríochtúla a bhaineann leis nó léi a fháil ón rialaitheoir gan mhoill mhíchuí, i gcás ina sáraíonn próiseáil Airteagal 71, Airteagal 72(1) nó Airteagal 76, nó i gcás inar gá go léirscriosfaí sonraí pearsanta oibríochtúla chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.
|
|
Airteagal 82 3
|
3. In ionad léirscriosta, cuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina gconspóidíonn an t-ábhar sonraí cruinneas na sonraí pearsanta agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh; nó
|
|
(b)
|
i gcás inar gá na sonraí pearsanta a choimeád chun críocha fianaise.
|
I gcás ina bhfuil srian curtha le próiseáil de bhun phointe (a) den chéad fhomhír, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas sula gcuirfear an srian ar phróiseáil ar leataobh.
Ní dhéanfar sonraí srianta a phróiseáil ach don chuspóir ar cuireadh cosc ar a léirscriosadh mar gheall air.
|
|
Airteagal 82 4
|
4. Cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir le haon diúltú a dhéanfar ar cheartúchán nó ar léirscriosadh sonraí pearsanta oibríochtúla nó aon diúltú próiseáil a shrianadh agus maidir leis na cúiseanna atá leis an diúltú. Féadfaidh an rialaitheoir srian a chur, go hiomlán nó go páirteach, ar an oibleagáid an fhaisnéis sin a sholáthar sa mhéid gur beart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach é srian den sórt sin agus fad a bheidh sé riachtanach agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine nádúrtha lena mbaineann, d’fhonn:
|
(a)
|
bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;
|
|
(b)
|
dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;
|
|
(c)
|
slándáil phoiblí na mBallstát a chosaint;
|
|
(d)
|
slándáil náisiúnta na mBallstát a chosaint;
|
|
(e)
|
cearta agus saoirsí daoine eile, amhail íospartaigh agus finnéithe, a chosaint.
|
Cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó leigheas breithiúnach a lorg ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 82 5
|
5. Cuirfidh an rialaitheoir ceartúchán sonraí pearsanta oibríochtúla míchruinne in iúl don údarás inniúil ónar tháinig na sonraí pearsanta oibríochtúla míchruinne.
|
|
Airteagal 82 6
|
6. Déanfaidh an rialaitheoir, i gcás ina ndéanfar ceartúchán nó léirscriosadh ar shonraí pearsanta oibríochtúla nó ina ndéanfar próiseáil a shrianadh de bhun mhír 1, mír 2 nó mír 3, fógra a chur chuig na faighteoirí agus iad a chur ar an eolas go mbeidh orthu na sonraí pearsanta oibríochtúla a cheartú nó a léirscriosadh nó go mbeidh orthu próiseáil na sonraí pearsanta oibríochtúla atá faoina bhfreagracht a shrianadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|