4. I gcás ina measann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an Rialachán seo nó an gníomh dlí lena mbunaítear an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse 6 seachtaine ar a mhéid ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an rialaitheoir ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil.