+Airteagal 90 Réamhchomhairliúchán leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
---+Airteagal 90 1
---+Airteagal 90 2
---+Airteagal 90 3
---+Airteagal 90 4
|
Airteagal 90 Réamhchomhairliúchán leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 90 1
|
1. Rachaidh an rialaitheoir i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí sula ndéanfar an phróiseáil, rud a bheidh mar chuid de chóras comhdaithe nua atá le cruthú, sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
i gcás ina léirítear i measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear faoi Airteagal 89 go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú; nó
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil riosca ard do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí ag gabháil leis an gcineál próiseála, go háirithe, i gcás ina n-úsáidfear teicneolaíochtaí, sásraí nó nósanna imeachta nua.
|
|
|
Airteagal 90 2
|
2. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí liosta a bhunú de na hoibríochtaí próiseála atá faoi réir réamhchomhairliúcháin de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 90 3
|
3. Déanfaidh an rialaitheoir an measúnú tionchair ar chosaint sonraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 89 a sholáthar don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus, arna iarraidh sin, soláthróidh sé aon fhaisnéis eile a chuirfidh ar chumas an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí measúnú a dhéanamh maidir le comhlíonadh na próiseála agus go háirithe maidir leis na rioscaí do chosaint sonraí pearsanta oibríochtúla an ábhair sonraí agus maidir leis na coimircí gaolmhara.
|
|
Airteagal 90 4
|
4. I gcás ina measann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go sáródh an phróiseáil atá beartaithe agus dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an Rialachán seo nó an gníomh dlí lena mbunaítear an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais, go háirithe i gcás nach sainaithníonn an rialaitheoir an riosca go leordhóthanach nó nach ndéanann sé an riosca a mhaolú go leordhóthanach, cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí comhairle i scríbhinn ar fáil don rialaitheoir, laistigh de thréimhse 6 seachtaine ar a mhéid ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil. Féadfar síneadh míosa a chur leis an tréimhse sin, agus castacht na próiseála atá beartaithe á cur san áireamh. Cuirfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an rialaitheoir ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin agus faoi na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh ar chomhairliúchán a fháil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|