|
+Airteagal 2 Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin ---+Article 2 1. ---+Article 2 2. ---+Article 2 3. ---+Article 2 4. |
Airteagal 2 Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sinAirteagal 2 Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin 1. Chun críocha an Rialacháin cur chun feidhme, beidh malartuithe idir údaráis agus institiúidí na mBallstát agus daoine a fholaítear leis an mbun-Rialachán bunaithe ar phrionsabail na seirbhíse poiblí, na héifeachtúlachta, an chúnaimh ghníomhaigh, an tsoláthair thapa agus na rochtana tapa, lena n-áirítear rochtain leictreonach, go háirithe do dhaoine le míchumas agus do dhaoine aosta. 2. Soláthróidh nó malartóidh na hinstitiúidí, gan mhoill, na sonraí uile is gá chun cearta agus oibleagáidí na ndaoine a bhfuil feidhm ag an mbun–Rialachán maidir leo a shuíomh agus a chinneadh. Déanfaidh na hinstitiúidí na sonraí a aistriú idir Ballstáit, go díreach iad féin nó go hindíreach trí na comhlachtaí idirchaidrimh. 3. I gcás ina ndéanfaidh duine, trí dhearmad, faisnéis, doiciméid nó éilimh a chur faoi bhráid institiúide i gcríoch Ballstáit, seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme lonnaithe, déanfaidh an chéad institiúid a luadh, láithreach, an fhaisnéis, na doiciméid nó na héilimh a chur an athuair faoi bhráid na hinstitiúide arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme, ag sonrú di an dáta ar cuireadh faoina bráid i dtosach iad. Beidh an dáta sin ceangailteach ar an institiúid dheireanach a luadh. Ní féidir dliteanas a chur ar institiúidí Ballstáit ná ní mheasfar go ndearna siad cinneadh trí mhainneachtain gníomhú, de bhua moill a bhí ar insititiúidí Ballstát eile faisnéis, doiciméid nó éilimh a tharchur. 4. I gcás ina ndéanfar na sonraí a aistriú go hindíreach trí chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit cinn scríbe, is ón dáta a fuair an comhlacht idirchaidrimh sin an t-éileamh a thosóidh na teorainneacha ama maidir le freagairt a thabhairt ar éilimh, amhail is dá mba rud é gurbh í an institiúid sa Bhallstát sin a fuair é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|