|
+Airteagal 14 Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán ---+Article 14 1. ---+Article 14 2. ---+Article 14 3. ---+Article 14 4. ---+Article 14 5. ---+Article 14 5a. ---+Article 14 5b. ---+Article 14 6. ---+Article 14 7. ---+Article 14 8. ---+Article 14 9. ---+Article 14 10. ---+Article 14 11. |
Airteagal 14 Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-RialachánAirteagal 14 Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán 1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, ‘duine a ghabhann de ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar ceann fostóra a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin, agus a ndéanann an fostóir sin é a phostú chuig Ballstát eile’, d’fhéadfadh sé gur duine é a earcaítear d’fhonn é a phostú, ar chuntar go bhfuil an duine lena mbaineann, díreach roimh thosach a chuid fostaíochta, faoi réir, cheana féin, ag reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil a fhostóir bunaithe. 2. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gurb ann is iondúil a dhéanann sé a ghníomhaíochtaí’, d’fhostóir ar gnách dó gabháil do ghníomhaíochtaí substaintiúla, seachas do ghníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí inmheánacha bainistíochta, i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe, ag cur san áireamh na critéir go léir arb iad saintréithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas lena mbaineann sé. Caithfidh na critéir ábhartha a bheith oiriúnach do shaintréithe sonracha gach fostóra agus d’fhíorchineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar. 3. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gur mar dhuine féinfhostaithe is iondúil a ghabhann sé de ghníomhaíocht’, do dhuine ar gnách dó gníomhaíochtaí substaintiúla a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. Go háirithe, caithfidh an duine sin a bheith ag gabháil don ghníomhaíocht sin ar feadh tréimhse roimh an dáta ar mian leis buntáiste a bhaint as forálacha an Airteagail sin, agus le linn aon tréimhse gníomhaíochta sealadaí i mBallstát eile, ní mór dó leanúint de na ceanglais maidir le gabháil dá ghníomhaíocht a chomhlíonadh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeidh sé in ann í a shaothrú ar fhilleadh dó. 4. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, is é cineál iarbhír na gníomhaíochta an critéar lena gcinnfear an bhfuil an ghníomhaíocht a dtéann an duine féinfhostaithe ag gabháil de i mBallstát eile ‘de shamhail’ na gníomhaíochta fostaíochta a dhéantar de ghnáth, seachas an tuairisc mar ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta a fhéadfaidh an Ballstát eile a thabhairt ar an ngníomhaíocht sin. 5. D’fhonn Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin’ do dhuine a dhéanann gníomhaíocht leithleach amháin nó níos mó ná sin go comhuaineach, nó de réir uainíochta, thar ceann an ghnóthais chéanna nó an fhostóra céanna nó ar son roinnt gnóthas nó roinnt fostóirí, in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin. 5a. D’fhonn Teideal II den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ don oifig chláraithe nó don áit ghnó ina ndéantar cinntí bunriachtanacha an ghnóthais agus ina gcuirtear feidhmeanna a riaracháin lárnaigh i gcrích. Chun críocha Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, beidh ball fostaithe den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a shaothraíonn seirbhísí d’aerphaisinéirí nó do sheirbhísí aerlasta de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit a bhfuil an bhunáit, mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta ( 1 ), suite ann. 5b. Déanfar neamhaird ar ghníomhaíochtaí imeallacha chun críocha na reachtaíochta is infheidhme faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal 16 den Rialachán cur chun feidhme maidir leis na cásanna uile faoin Airteagal seo. 6. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó’ go háirithe, do dhuine a shaothraíonn gníomhaíocht leithleach féinfhostaíochta amháin nó níos mó, go comhuaineach nó go malartach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, in dhá Bhallstát nó níos mó. 7. Chun idirdhealú a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí faoi mhír 5 agus faoi mhír 6 agus na staideanna a shainítear in Airteagal 12(1) agus (2) den bhun-Rialachán, gné chinntitheach a bheidh i ré na gníomhaíochta (bíodh sí de chineál buan, ad hoc nó sealadach) i mBallstát eile amháin nó níos mó. Chun na gcríoch seo, déanfar measúnú foriomlán ar na fíorais ábhartha uile, lena n-áirítear go háirithe, i ndáil le duine fostaithe, an t-ionad oibre mar a shainmhínítear sa chonradh oibre é. 8. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) agus (2) den bhun-Rialachán, ciallóidh ‘cuid shubstaintiúil de ghníomhaíocht fostaíochta nó fhéinfhostaíochta’ arna saothrú i mBallstát gurb ann a dhéantar cuid shubstaintiúil ó thaobh cainníochta de ghníomhaíochtaí uile an duine fhostaithe nó fhéinfhostaithe a shaothrú, cé nach gá go mbeadh sé seo mar phríomhchuid de na gníomhaíochtaí sin. Chun go gcinnfear an i mBallstát atá cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí á saothrú, cuirfear na critéir tháscacha seo a leanas san áireamh:
(a)
i gcás gníomhaíochta fostaíochta, an t-am oibre agus/nó an luach saothair; agus
(b)
i gcás gníomhaíochta féin-fhostaíochta, an láimhdeachas, an t-am oibre, líon na seirbhísí a rinneadh agus/nó an luach saothair. I réim measúnaithe foriomláin, léireoidh cion níos lú ná 25 % de na critéir a luaitear thuas go bhfuil cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí nach bhfuil á saothrú sa Bhallstát ábhartha. 9. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, déanfar ‘lárionad leasa’ ghníomhaíochtaí duine fhéinfhostaithe a chinneadh trí gach gné de ghníomhaíochtaí ceirde an duine sin a chur san áireamh, ach go háirithe an áit a bhfuil áit sheasta bhuan ghnó an duine lonnaithe, cineál gnáthach nó ré na ngníomhaíochtaí arna saothrú, líon na seirbhísí a rinneadh, agus a bhfuil ar intinn ag an duine, mar is follas ó na himthosca go léir. 10. Chun an reachtaíocht is infheidhme faoi mhír 8 agus faoi mhír 9 a chinneadh, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann san áireamh an staid a thoimhdeofar a bheith ann sna 12 mhí féilire ina dhiaidh sin. 11. Má shaothraíonn duine a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó thar ceann fostóra atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais, agus má tá cónaí ar an duine seo i mBallstát gan gníomhaíocht shubstaintiúil a shaothrú ann, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|