|
+Airteagal 28 Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil ---+Article 28 1. ---+Article 28 2. ---+Article 28 3. ---+Article 28 4. ---+Article 28 5. ---+Article 28 6. |
Airteagal 28 Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúilAirteagal 28 Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil A. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an duine árachaithe 1. Le go mbeidh an duine árachaithe i dteideal sochar cúraim fadtéarmach in airgid tirim de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe iarratas chuig an institiúid inniúil. Déanfaidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe a chur ar an eolas, i gcás inar gá. B. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid na háite cónaithe 2. Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, scrúdóidh institiúid na háite cónaithe staid an duine árachaithe i ndáil leis an ngá atá aige le cúram fadtéarmach. Tabharfaidh an institiúid inniúil an fhaisnéis uile is gá don scrúdú sin d’institiúid na háite cónaithe. C. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil 3. D’fhonn go gcinnfidh sí an méid a bhfuil gá le cúram fadtéarmach, beidh sé de cheart ag an institiúid inniúil an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir nó ag aon saineolaí eile arna roghnú aici féin. 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 27(7) den Rialachán cur chun feidhme. D. Nós imeachta i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil 5. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil. E. Daoine den teaghlach 6. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|