|
+Airteagal 35 Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair ---+Article 35 1. ---+Article 35 2. ---+Article 35 3. |
Airteagal 35 Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalairAirteagal 35 Díospóidí maidir le cineál ceirde na tionóisce nó an ghalair 1. I gcás ina ndíospóidfidh an institiúid inniúil cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le tionóiscí ag an obair nó galair cheirde faoi Airteagal 36(2) den bhun-Rialachán, déanfaidh sí institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil a chur ar an eolas gan mhoill, agus measfar ansin gur sochair árachais sláinte iad na sochair sin. 2. Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta faoin gceist sin, cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta a sholáthair na sochair chomhchineáil ar an eolas gan mhoill. I gcás nach suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde a bhí i gceist, leanfar de bheith ag soláthar sochair chomhchineáil mar shochair bhreoiteachta má tá an duine lena mbaineann ina dteideal. I gcás go suitear gur tionóisc ag an obair nó galar ceirde atá i gceist, measfar gur sochair tionóisce ag an obair nó sochair galair cheirde iad na sochair bhreoiteachta chomhchineáil arna soláthar don duine lena mbaineann ón dáta ar tharla an tionóisc ag an obair nó ón dáta a ndearnadh an galar ceirde a fháthmheas den chéad uair. 3. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara fomhír d’Airteagal 6(5) den Rialachán cur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|