|
+Airteagal 36 An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháin ---+Article 36 1. ---+Article 36 2. ---+Article 36 3. |
Airteagal 36 An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháinAirteagal 36 An nós imeachta i gcás nochta do phriacal galair cheirde i níos mó ná Ballstát amháin 1. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 38 den bhun-Rialachán, seolfar an dearbhú nó an fógra faoin ngalar ceirde chuig an institiúid atá inniúil do ghalair cheirde sa Bhallstát is deireanaí ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar sin. Nuair a shuífidh an institiúid ar chuici a seoladh an dearbhú nó an fógra gur faoi reachtaíocht Bhallstáit eile is deireanaí a bhíothas ag gabháil don ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i dtreis, seolfaidh sí an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis chuig an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát sin. 2. I gcás ina suífidh institiúid an Bhallstáit ar faoina reachtaíocht is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist nach gcomhallann an duine lena mbaineann ná a mharthanóirí ceanglais na reachtaíochta sin, inter alia mar nach raibh an duine lena mbaineann riamh ag gabháil, sa Bhallstát sin, do ghníomhaíocht ba chúis leis an ngalar ceirde, nó toisc nach n-aithníonn an Ballstát sin cineál ceirde an ghalair sin, cuirfidh an institiúid sin an dearbhú nó an fógra agus na deimhnithe uile a ghabhann leis, lena n-áirítear cinntí agus tuarascálacha na scrúduithe liachta a rinne an chéad institiúid, ar aghaidh gan mhoill chuig institiúid an Bhallstáit roimhe sin ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist. 3. I gcás inarb iomchuí, rachaidh na hinstitiúidí siar ar an nós imeachta céanna a leagtar amach i mír 2, chomh fada leis an institiúid choibhéiseach sa Bhallstát ar faoina reachtaíocht a bhí an duine lena mbaineann ag gabháil den chéad uair do ghníomhaíocht ar dóigh di a bheith ina cúis leis an ngalar ceirde atá i gceist. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|