+Airteagal 70 Sochair dífhostaíochta a aisíoc

Airteagal 70 Sochair dífhostaíochta a aisíoc

Airteagal 70

Sochair dífhostaíochta a aisíoc

Mura mbeidh comhaontú ann i gcomhréir le hAirteagal 65(8) den bhun-Rialachán, iarrfaidh institiúid na háite cónaithe ar institiúid an Bhallstáit is deireanaí a raibh an tairbhí faoi réir a reachtaíochta, go n-aisíocfar sochair dífhostaíochta de bhun Airteagal 65(6) agus (7) den bhun-Rialachán. Déanfar an iarraidh laistigh de shé mhí ó dheireadh na leathbhliana féilire ina ndearnadh an íocaíocht is deireanaí den sochar dífhostaíochta a bhfuil aisíocaíocht á hiarraidh ina leith. Sonrófar leis an iarraidh méid an tsochair a íocadh i rith na tréimhse trí mhí nó cúig mhí dá dtagraítear in Airteagal 65(6) agus (7) den bhun-Rialachán, an tréimhse ar íocadh na sochair ina leith agus sonraí aitheantais an duine dhífhostaithe. Is trí chomhlachtaí idirchaidrimh na mBallstát lena mbaineann a chuirfear isteach agus a íocfar na héilimh.

Ní bheidh aon cheanglas ann iarrataí a chuirtear isteach tar éis an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad mhír a bhreithniú.

Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 66(1) agus Airteagal 67(5) go (7) den Rialachán cur chun feidhme.

Ó dheireadh na tréimhse 18 mhí dá dtagraítear in Airteagal 67(5) den Rialachán cur chun feidhme, féadfaidh an institiúid chreidmheasach ús a ghearradh ar éilimh gan íoc. Ríomhfar an t-ús i gcomhréir le hAirteagal 68(2) den Rialachán cur chun feidhme.

Is é uasmhéid na haisíocaíochta dá dtagraítear sa tríú habairt d’Airteagal 65(6) den bhun-Rialachán, i ngach cás ar leithligh, méid an tsochair a bheadh duine lena mbaineann i dteideal a fháil de réir reachtaíocht an Bhallstáit is deireanaí a raibh sé faoina réir, dá mbeadh sé cláraithe le seirbhísí fostaíochta an Bhallstáit sin. Sa chaidreamh idir na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an Rialachán cur chun feidhme, áfach, is iad institiúidí inniúla ceann de na Ballstáit sin ar faoi réir a reachtaíochta is deireanaí a bhí an duine lena mbaineann a chinnfidh an t-uasmhéid i ngach cás ar leithligh, ar bhonn mheánmhéid na sochar dífhostaíochta a cuireadh ar fáil faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin an bhliain féilire roimhe sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.