|
+Airteagal 76 Iarrataí ar fhaisnéis ---+Article 76 1. ---+Article 76 2. ---+Article 76 3. ---+Article 76 4. |
Airteagal 76 Iarrataí ar fhaisnéisAirteagal 76 Iarrataí ar fhaisnéis 1. Arna iarraidh sin don pháirtí iarrthach, cuirfidh an páirtí iarrtha aon fhaisnéis ar fáil a bheadh úsáideach don pháirtí iarrthach chun a éileamh a ghnóthú. D’fhonn an fhaisnéis sin a fháil, bainfidh an páirtí iarrtha úsáid as na cumhachtaí a bhforáiltear dóibh faoi na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le héilimh den sórt sin a eascraíonn ina Bhallstát féin. 2. Sonrófar leis an iarraidh ar fhaisnéis ainm, an seoladh is deireanaí atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannú an duine dlítheanaigh nó nádúrtha a mbaineann an fhaisnéis a chuirfear ar fáil leis, agus cineál agus méid an éilimh ar ina leith atá an iarraidh á déanamh. 3. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha faisnéis a chur ar fáil:
(a)
nach mbeadh sé ábalta rochtain a fháil uirthi chun éilimh den sórt sin a d’eascródh ina Bhallstát féin a ghnóthú;
(b)
trína sceithfí aon rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil; nó
(c)
ar dóigh go ndéanfadh a nochtadh dochar do shlándáil an Bhallstáit nó ar dóigh go rachadh a nochtadh i gcoinne bheartais phoiblí an Bhallstáit. 4. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|