|
+Airteagal 89 Faisnéis ---+Article 89 1. ---+Article 89 2. ---+Article 89 3. |
Airteagal 89 FaisnéisAirteagal 89 Faisnéis 1. Ullmhóidh an Coimisiún Riaracháin an fhaisnéis is gá chun a áirithiú gurb eol do na páirtithe lena mbaineann a gcearta agus na foirmiúlachtaí riaracháin is gá d’fhonn iad a dhearbhú. Déanfar an fhaisnéis sin, i gcás inar féidir, a scaipeadh go leictreonach trína foilsiú ar líne ar láithreáin a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus déanfaidh sé faireachán ar cháilíocht na seirbhísí a chuirfear ar fáil do na custaiméirí. 2. Féadfaidh an Coiste Comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 75 den bhun-Rialachán tuairimí agus moltaí a eisiúint maidir le feabhas a chur ar an bhfaisnéis agus ar scaipeadh na faisnéise. 3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla gurb eol dá n-institiúidí na forálacha Comhphobail uile, idir reachtacha agus eile, lena n-áirítear cinntí an Choimisiúin Riaracháin, sna réimsí a chumhdaítear leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme agus de réir théarmaí an bhun-Rialacháin agus de réir théarmaí an Rialacháin cur chun feidhme, agus go gcuireann siad i bhfeidhm iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|