|
+IARSCRÍBHINN I CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH |
IARSCRÍBHINN I CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH
IARSCRÍBHINN I CONAIRÍ AGUS RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA MAIDIR LE BONNEAGAR FUINNIMH (dá dtagraítear in Airteagal 1(1)) Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na conairí agus réimsí tosaíochta seo a leanas maidir le bonneagar tras-Eorpach fuinnimh: 1. CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LEICTREACHAIS (1) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas in Iarthar na hEorpa (ITT leictreachas an Iarthair): idirnaisc idir Ballstáit an réigiúin agus limistéar na Meánmhara lena n-áirítear leithinis na hIbéire, go háirithe chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú, bonneagair eangaí inmheánaí a athneartú chun comhtháthú margaidh sa réigiún a chothú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na hÉireann, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil. (2) Idirnaisc leictreachais Thuaidh-Theas i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (ITT Leictreachas an Oirthir): idirnaisc agus línte inmheánacha i dtreonna Thuaidh-Theas agus Soir-Siar chun an margadh inmheánach a chur i gcrích, chun giniúint ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chomhtháthú agus chun deireadh a chur le leithlisiú na Cipire, agus a áirithiú go ndéanfar na faduithe is gá ar eangacha amach ón gcósta le haghaidh fuinneamh in-athnuaite agus na hathneartuithe is gá ar an eangach ar tír chun eangach tarchurtha leormhaith agus iontaofa a áirithiú agus chun leictreachas arna ghiniúint amach ón gcósta a sholáthar do Bhallstáit thalamhiata. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Chróit, an Ghréig, an Chipir, an Iodáil, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. (3) Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh sa leictreachas (Leictreachas PIMBF): idirnaisc idir na Ballstáit agus línte inmheánacha sa réigiún Baltach, chun comhtháthú an mhargaidh a chothú agus an sciar den fhuinneamh in-athnuaite atá ag dul i méid sa réigiún a chomhtháthú ag an am céanna. Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn. 2. CONAIRÍ TOSAÍOCHTA EANGAÍ AMACH ÓN gCÓSTA (4) Eangacha amach ón gcósta sna Mara Thuaidh (EACMT): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann, sa Mhuir Cheilteach, i Muir nIocht, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír, agus an tSualainn; (5) Eangacha amach ón gcósta de chuid an Phlean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (PIMBF amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara i Muir Bhailt agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: An Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn. (6) Eangacha amach ón gcósta de chuid an Deiscirt agus an Iarthair (EDI amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, lena n-áirítear Murascaill Cadiz, agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta agus an Phortaingéil. (7) Eangacha amach ón gcósta de chuid an Deiscirt agus an Oirthir (EDO amach ón gcósta): forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta, agus, i gcás inarb iomchuí, forbairt eangaí hidrigine agus na hidirnascairí gaolmhara sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí comharsanachta chun leictreachas nó, i gcás inarb iomchuí, hidrigin a iompar ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála nó chun malartú fuinnimh in-athnuaite trasteorann a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an Chróit, an Ghréig, an Iodáil, an Chipir, an Rómáin agus an tSlóivéin. (8) Eangacha Atlantacha amach ón gcósta: forbairt eangaí leictreachais amach ón gcósta, forbairt eangaí comhtháite leictreachais amach ón gcósta agus na hidirnascairí gaolmhara san Aigéan Atlantach Thuaidh chun leictreachas a iompar ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta chuig lárionaid ídithe agus stórála agus chun malartú leictreachais trasteorann a mhéadú. Na Ballstáit lena mbaineann: Éire, an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil. 3. CONAIRÍ TOSAÍOCHTA LE hAGHAIDH HIDRIGINE AGUS LEICTREALÓIRÍ (9) Idirnaisc hidrigine in Iarthar na hEorpa (HI an Iarthair): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair agus an Phortaingéil. (10) Idirnaisc hidrigine i Lár na hEorpa Thoir agus in Oirdheisceart na hEorpa (HI an Oirthir): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Na Ballstáit lena mbaineann: an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ungáir, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. (11) Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach sa hidrigin (Hidrigin PIMBF): bonneagar hidrigine agus athrú cuspóra an bhonneagair gáis, le go mbeidh cnámh droma comhtháite hidrigine ann lena nascfar, go díreach nó go hindíreach (trí idirnasc le tríú tír), tíortha an réigiúin le chéile agus go dtabharfar aghaidh ar a riachtanais bhonneagair shonracha le haghaidh hidrigine, rud a thacóidh le teacht chun cinn gréasáin uile-Aontais don iompar hidrigine agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Leictrealóirí: tacú le feidhmiúchán gáis a fhaightear ó leictreachas a úsáid arb é is aidhm dóibh laghduithe ar ghás ceaptha teasa a chumasú agus rannchuidiú le hoibriú córais a bheidh slán, éifeachtúil agus iontaofa agus leis an gcóras cliste fuinnimh a chomhtháthú, agus sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Na Ballstáit lena mbaineann: an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn. 4. RÉIMSÍ TÉAMACHA TOSAÍOCHTA (12) Úsáid eangach cliste leictreachais: teicneolaíochtaí eangaí cliste a ghlacadh ar fud an Aontais chun iompar agus gníomhaíochtaí na n-úsáideoirí uile atá nasctha leis an ngréasán leictreachais a chomhtháthú go héifeachtúil, go háirithe giniúint méideanna móra leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó leithdháilte fuinnimh agus freagairt ar éileamh ó thomhaltóirí, stóráil fuinnimh, feithiclí leictreacha agus foinsí solúbthachta eile atá ar fáil agus, sa bhreis air sin, maidir leis na hoileáin agus córais na n-oileán, leithlisiú fuinnimh a laghdú, tacú le réitigh nuálacha agus eile a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad leo ag a mbeidh dea-thionchar suntasach maidir le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus rannchuidiú go suntasach le hinbhuanaitheacht an chórais fuinnimh oileáin agus le hinbhuanaitheacht an Aontais. Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát. (13) Gréasán dé-ocsaíde carbóin trasteorann: bonneagar a fhorbairt chun dé-ocsaíd charbóin a iompar agus a stóráil idir na Ballstáit agus le tríú tíortha comharsanachta, ar bonneagar é lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a ghabháil agus a stóráil, arna gabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha ar mhaithe le buanstóráil gheolaíoch chomh maith le dé-ocsaíd charbóin a úsáid le haghaidh gáis bhreosla shintéisigh lena ndéantar dé-ocsaíd charbóin a neodrú go buan. Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát. (14) Eangacha cliste gáis: teicneolaíochtaí eangaí cliste gáis a ghlacadh ar fud an Aontais chun iolrachas foinsí gáis ísealcharbóin agus foinsí gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú sa ghréasán gáis go héifeachtúil, tacú le glacadh réiteach nuálach agus digiteach maidir le bainistiú gréasáin agus comhtháthú na hearnála cliste fuinnimh agus freagairt don éileamh a éascú, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiciúla gaolmhara má tá sé fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú. Na Ballstáit lena mbaineann: gach Ballstát. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|