|
+IARSCRÍBHINN VI TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ |
IARSCRÍBHINN VI TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ
IARSCRÍBHINN VI TREOIRLÍNTE MAIDIR LE TRÉDHEARCACHT AGUS RANNPHÁIRTÍOCHT PHOIBLÍ (1) Áireofar na nithe seo a leanas ar a laghad sa lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(1):
(a)
sonraíochtaí na gcodanna ábhartha den reachtaíocht ar a mbunaítear cinntí agus tuairimí maidir leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn, lena n-áirítear dlí an chomhshaoil;
(b)
an liosta de na cinntí agus na tuairimí ábhartha atá le fáil;
(c)
ainmneacha agus sonraí teagmhála an údaráis inniúil, údarás eile agus na ngeallsealbhóirí móra lena mbaineann;
(d)
an sreabhadh oibre, ina dtugtar achoimre ar gach céim sa phróiseas, lena n-áirítear amlíne tháscach agus léargas achomair ar an bpróiseas cinnteoireachta i dtaca leis na cineálacha éagsúla tionscadal ábhartha leasa choitinn;
(e)
faisnéis faoi raon feidhme, faoi struchtúr agus faoi leibhéal mionsonraithe na ndoiciméad atá le tíolacadh leis an iarratas ar chinntí, lena n-áirítear seicliosta;
(f)
na céimeanna agus na modhanna trína mbeidh an pobal i gcoitinne rannpháirteach sa phróiseas;
(g)
an bealach ina léireoidh an t-údarás inniúil, údaráis eile lena mbaineann agus an tionscnóir tionscadal gur cuireadh san áireamh na tuairimí a cuireadh in iúl sa chomhairliúchán poiblí, mar shampla trí léiriú a thabhairt ar na leasuithe a rinneadh ar shuíomh agus dearadh an tionscadail nó trí na cúiseanna a thabhairt nár cuireadh tuairimí den sórt sin san áireamh;
(h)
a mhéid is féidir, aistriúcháin ar a bhfuil ann i dteangacha uile na mBallstát comharsanachta arna ndéanamh i gcomhar leis na Ballstáit chomharsanachta ábhartha; (2) Sonrófar sa sceideal mionsonraithe dá dtagraítear in Airteagal 10(6), pointe (b), an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
na cinntí agus na tuairimí atá le fáil;
(b)
na húdaráis, na geallsealbhóirí agus an pobal ar dócha a mbeidh baint acu leis;
(c)
na céimeanna aonair den nós imeachta agus an fad tréimhse a bhaineann leo;
(d)
garspriocanna móra atá le baint amach agus na spriocdhátaí a bhaineann leo i bhfianaise an chinnidh chuimsithigh atá le déanamh;
(e)
na hacmhainní atá pleanáilte ag na húdaráis agus riachtanais acmhainní breise a d’fhéadfadh a bheith ann. (3) Gan dochar do na ceanglais maidir le comhairliúcháin phoiblí faoi dhlí an chomhshaoil, chun rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas deonaithe ceadanna a mhéadú agus chun faisnéis agus comhphlé leis an bpobal a áirithiú roimh ré, cuirfear i bhfeidhm na prionsabail seo a leanas:
(a)
na geallsealbhóirí a bhfuil tionchar ag tionscadal leasa choitinn orthu, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha, úinéirí talún agus saoránaigh atá ina gcónaí i gcóngar an tionscadail, an pobal i gcoitinne agus a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí, cuirfear ar an eolas iad go forleathan agus rachfar i gcomhairle leo ag céim luath, ar bhealach cuimsitheach, nuair is féidir ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ar an bpobal fós a chur san áireamh, ar bhealach cuimsitheach, oscailte agus trédhearcach. I gcás inarb ábhartha, tacóidh an t-údarás inniúil go gníomhach leis na gníomhaíochtaí a ghabhann an tionscnóir tionscadail ar láimh;
(b)
áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí do thionscadail leasa choitinn a ghrúpáil le chéile nuair is féidir, lena n-áirítear comhairliúcháin phoiblí a cheanglaítear cheana faoin dlí náisiúnta. Cumhdófar faoi gach comhairliúchán poiblí gach ábhar a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta, agus ní thabharfar aghaidh ar ábhar amháin a bhaineann le céim áirithe den nós imeachta i níos mó ná comhairliúchán poiblí amháin; féadfaidh comhairliúchán poiblí amháin, áfach, tarlú i níos mó ná suíomh geografach amháin. Cuirfear na hábhair a dtabharfar aghaidh orthu i gcomhairliúchán poiblí in iúl go soiléir san fhógra maidir leis an gcomhairliúchán poiblí;
(c)
ní bheidh barúlacha ná agóidí inghlactha ach amháin ó thús an chomhairliúcháin phoiblí go dtí go rachaidh an spriocdháta in éag;
(d)
áiritheoidh na tionscnóirí tionscadail go ndéanfar comhairliúcháin le linn tréimhse ina bhféadfaidh an pobal a bheith rannpháirteach go hoscailte agus go cuimsitheach. (4) Áireofar sa choincheap maidir le rannpháirtíocht phoiblí faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
na geallsealbhóirí lena mbaineann agus a bhfuil teagmháil déanta leo;
(b)
na bearta a beartaíodh, lena n-áirítear láithreacha ginearálta atá beartaithe agus dátaí cruinnithe tiomnaithe;
(c)
an amlíne;
(d)
na hacmhainní daonna atá leithdháilte ar chúraimí éagsúla; (5) I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí atá le déanamh roimh an gcomhad iarratais a thíolacadh, déanfaidh na páirtithe ábhartha na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
bileog faisnéise nach mó ná 15 leathanach a fhoilsiú go leictreonach agus, i gcás inarb ábhartha, i scríbhinn ina dtabharfar, ar bhealach soiléir agus achomair, léargas ar thuairisc ar chéimeanna forbartha an tionscadail, ar chuspóir na gcéimeanna sin agus ar réamh-thráthchlár le haghaidh na gcéimeanna sin, plean forbartha na heangacha náisiúnta, bealaí malartacha a breithníodh, cineálacha agus saintréithe an tionchair fhéideartha, lena n-áirítear tionchar de chineál trasteorann, agus bearta maolaithe féideartha, agus tá bileog faisnéise den sórt sin le foilsiú roimh thús an chomhairliúcháin agus tá seoltaí gréasáin shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), an t-ardán trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 23 agus an lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (1) den Iarscríbhinn seo le liostú inti;
(b)
an fhaisnéis faoin gcomhairliúchán a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an tionscadail leasa choitinn dá dtagraítear in Airteagal 9(7), ar bhoird fógraí in oifigí riarachán áitiúil, agus, ar a laghad, i gceann amháin nó, i gcás inarb infheidhme, in dhá cheann de na foinsí meán áitiúla;
(c)
tabharfar cuireadh, i scríbhinn nó go leictreonach, do na geallsealbhóirí ábhartha, comhlachais, eagraíochtaí agus grúpaí a mbeidh tionchar ag an tionscadal orthu chuig cruinnithe tiomanta, agus pléifear aon imní a bheidh orthu lena linn. (6) Foilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar shuíomh gréasáin an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 9(7):
(a)
an dáta a nuashonraíodh suíomh gréasáin an tionscadail an uair dheireanach;
(b)
aistriúcháin ar a inneachar i dteangacha uile na mBallstát lena mbaineann an tionscadal nó a bhfuil tionchar suntasach trasteorann ag an tionscadal air i gcomhréir le pointe (1) d’Iarscríbhinn IV;
(c)
an bhileog faisnéise dá dtagraítear i bpointe (5) arna nuashonrú le dáta leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;
(d)
achoimre neamhtheicniúil a nuashonraítear go tráthrialta ina léirítear stádas reatha an tionscadail, lena n-áirítear faisnéis gheografach, agus ina gcuirtear in iúl go soiléir, i gcás nuashonruithe, athruithe ar leaganacha roimhe sin;
(e)
an plean cur chun feidhme a leagtar amach in Airteagal 5(1) arna nuashonrú leis na sonraí is déanaí faoin tionscadal;
(f)
na cistí arna leithdháileadh agus arna n-eisíoc ag an Aontas le haghaidh an tionscadail;
(g)
pleanáil an tionscadail agus an chomhairliúcháin phoiblí, ag léiriú go soiléir dátaí agus láithreacha do chomhairliúcháin phoiblí agus na hábhair ar dócha go bhfuil baint acu leis na héisteachtaí sin;
(h)
sonraí teagmhála d’fhonn faisnéis nó doiciméid bhreise a fháil;
(i)
sonraí teagmhála d’fhonn barúlacha agus agóidí a chur in iúl le linn na gcomhairliúchán poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|