+Airteagal 4a Córas simplithe le haghaidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.
---+Airteagal 4a 3.
---+Airteagal 4a 4.
---+Airteagal 4a 5.

Airteagal 4a Córas simplithe le haghaidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4a 1.
Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4(2), Airteagal 4(3), an dara habairt, agus Airteagal 4(4), pointe (c), maidir le micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga.
Airteagal 4a 2.
Cuirfidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire isteach sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33 sula gcuirfidh siad táirgí ábhartha ar an margadh nó sula n-onnmhaireoidh siad iad. Sannfar aitheantóir dearbhúcháin do na hoibreoirí sin tar éis dóibh a ndearbhú simplithe aonuaire a chur isteach.
Airteagal 4a 3.
Soláthróidh micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus an dearbhú simplithe á chur isteach acu sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Féadfaidh na hoibreoirí sin an fhaisnéis atá ina ndearbhú simplithe a thabhairt cothrom le dáta tar éis aon athruithe móra ar an bhfaisnéis a chuir siad ar fáil.
Airteagal 4a 4.
I gcás ina bhfuil an fhaisnéis uile a liostaítear in Iarscríbhinn III ar fáil i gcóras nó i mbunachar sonraí atá ann faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí na mBallstát, seachas an córas faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33, ní cheanglófar ar mhicrea-oibreoirí príomhúla ná ar oibreoirí príomhúla beaga dearbhú simplithe aonuaire a chur isteach i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil in aghaidh an oibreora sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33. Ní chuirfidh an micrea-oibreoir príomhúil ná an t-oibreoir príomhúil beag na táirgí ábhartha ar mhargadh an Aontais ná ní onnmhaireoidh sé iad ach amháin tar éis aitheantóir dearbhúcháin a bheith sannta dó.
Airteagal 4a 5.
I gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, féadfar seoladh poist na ndáileachtaí talún uile inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha atá sa táirge ábhartha nó seoladh poist na bunaíochta ina ndearnadh iad, nó lena ndearnadh iad, a chur in ionad an gheoshuímh dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (d).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.