+Airteagal 25 Pionóis
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.

Airteagal 25 Pionóis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), leagfaidh na Ballstáit rialacha síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo arna ndéanamh ag oibreoirí, ag oibreoirí iartheachtacha agus ag trádálaithe agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.
Airteagal 25 2.

Beidh na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áireofar ar na pionóis sin an méid seo a leanas:

▼M2

(a) 

fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí nó táirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear na tairbhí a eascraíonn as na sáruithe sin go héifeachtach díobh siúd atá freagrach astu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; i gcás duine dlítheanach, is 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaithe ar fud an Aontais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh fíneála a bheidh in uasmhéid na fíneála sin, agus an méid sin á ríomh i gcomhréir le ríomh an láimhdeachais chomhiomláin do ghnóthais a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ( 6 ) ón gComhairle (6), agus méadófar é, i gcás inar gá, chun an sochar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú;

(b) 

coigistiú na dtáirgí ábhartha lena mbaineann ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach agus/nó ar an trádálaí;

(c) 

coigistiú ioncam arna bhfáil ag an oibreoir, ag an oibreoir iartheachtach agus/nó ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;

▼B

(d) 

eisiamh sealadach ar feadh uastréimhse nach faide ná 12 mhí ó phróisis soláthair phoiblí agus ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(e) 

toirmeasc sealadach ar thráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur, nó a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;

(f) 

toirmeasc ar dhíchill chuí shimplithe a leagtar amach in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;

Airteagal 25 3.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi bhreithiúnais chríochnaitheacha i gcoinne daoine dlítheanacha i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus faoi na pionóis arna bhforchur orthu laistigh de 30 lá ón dáta a ndéanfar breithiúnas críochnaitheach de na breithiúnais, agus aird á tabhairt ar na rialacha ábhartha maidir le cosaint sonraí. Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin liosta de na breithiúnais sin ina mbeidh na gnéithe seo a leanas:

(a) 

ainm an duine dhlítheanaigh;

(b) 

dáta an bhreithiúnais chríochnaithigh;

(c) 

achoimre ar na gníomhaíochtaí ar ar a mbonn a cinneadh gur sháraigh an duine dlítheanach an Rialachán seo; agus

(d) 

cineál agus, i gcás pionós airgeadais, méid an phionóis arna fhorchur.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.