|
+Airteagal 25 2. |
Airteagal 25 2.Beidh na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Áireofar ar na pionóis sin an méid seo a leanas:
(a)
fíneálacha atá ar comhréir leis an damáiste comhshaoil agus le luach na dtráchtearraí nó táirgí ábhartha lena mbaineann, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear na tairbhí a eascraíonn as na sáruithe sin go héifeachtach díobh siúd atá freagrach astu, agus leibhéal na bhfíneálacha sin á mhéadú de réir a chéile as sáruithe leantacha; i gcás duine dlítheanach, is 4 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil iomlán an oibreora, an oibreora iartheachtaigh nó an trádálaithe ar fud an Aontais sa bhliain airgeadais roimh an gcinneadh fíneála a bheidh in uasmhéid na fíneála sin, agus an méid sin á ríomh i gcomhréir le ríomh an láimhdeachais chomhiomláin do ghnóthais a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ( 6 ) ón gComhairle (6), agus méadófar é, i gcás inar gá, chun an sochar eacnamaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú;
(b)
coigistiú na dtáirgí ábhartha lena mbaineann ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach agus/nó ar an trádálaí;
(c)
coigistiú ioncam arna bhfáil ag an oibreoir, ag an oibreoir iartheachtach agus/nó ag an trádálaí as idirbheart leis na táirgí ábhartha lena mbaineann;
(d)
eisiamh sealadach ar feadh uastréimhse nach faide ná 12 mhí ó phróisis soláthair phoiblí agus ó rochtain ar chistiú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;
(e)
toirmeasc sealadach ar thráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chur, nó a chur ar fáil ar an margadh, nó a onnmhairiú, i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha;
(f)
toirmeasc ar dhíchill chuí shimplithe a leagtar amach in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm i gcás sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|