|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.I ndáil le heintitis agus grúpaí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, gan dochar do fhreagrachtaí an Bhoird as na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo, feidhmeoidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cúraimí seo a leanas agus beidh siad freagrach as na cúraimí seo leanas:
(a)
pleananna réitigh a ghlacadh agus measúnú a dhéanamh ar inréiteacht i gcomhréir le hAirteagal8 agus le hAirteagal 10 agus leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 9;
(b)
bearta a ghlacadh le linn idirghabhála luaithe i gcomhréir le hAirteagal 13(3);
(c)
oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm nó go dtarscaoilfí an oibleagáid pleananna réitigh a dhréachtadh, i gcomhréir le hAirteagal 11;
(d)
leibhéal an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe a shocrú, i gcomhréir le hAirteagal 12 go 12k;
(e)
cinntí réitigh a ghlacadh agus uirlisí réitigh dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus leis na coimircí ábhartha, ar choinníoll nach n-éileofar leis an ngníomhaíocht réitigh aon úsáid den Chiste agus go maoineofar é go heisiach leis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 21 agus in Airteagal 24 go hAirteagal 27 agus/nó leis an scéim ráthaíochta taiscí, i gcomhréir le hAirteagal 79, agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31;
(f)
ionstraimí caipitil ábhartha a dhíluacháil nó a chomhshó de bhun Airteagal 21, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 31. Má éilítear úsáid an Chiste leis an ngníomhaíocht réitigh, glacfaidh an Bord an scéim réitigh. Nuair a bheidh cinneadh réitigh á ghlacadh, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an plean réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur i gcuntas agus a leanúint, mura rud é go measfaidh siad, agus imthosca an cháis á gcur i gcuntas, go mbainfear amach na cuspóirí réitigh níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa phlean réitigh. Nuair a bheidh na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo á bhfeidhmiú, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Aon tagairtí don Bhord in Airteagal 5(2), Airteagal 6(5), Airteagail 8(6), (8), (10), an tríú fomhír, (11a), (12), agus (13), Airteagal 10(1) go (10), Airteagal 10a, Airteagail 11 go 14, Airteagal 15(1), (2) agus (3), Airteagal 16, Airteagal 18(1), (1a), (2), (5) agus (6), Airteagal 20, Airteagal 21(1) go (7), Airteagal 21(8), an dara fomhír, Airteagal 21(9) agus (10), Airteagal 22(1), (3), (5) agus (6), Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(3), Airteagal 27(1) go (15), Airteagal 27(16), an dara fomhír, an dara habairt, an tríú fomhír, agus an ceathrú fomhír, an chéad, an tríú agus an ceathrú habairt, Airteagal 30(2b) agus (2c), Airteagal 30a(1) agus (2), Airteagal 32 agus Airteagal 79(1), (2), (7) agus (8), léifear iad mar thagairtí do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le grúpaí agus eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2014/59/AE a fheidhmiú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an Bord a chur ar an eolas faoi na bearta dá dtagraítear sa mhír seo a bheidh le glacadh agus comhordóidh siad go dlúth leis an mBord agus na bearta sin á nglacadh acu. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 9 a chur faoi bhráid an Bhoird, chomh maith le haon nuashonruithe, lena ngabhfaidh measúnú réasúnaithe maidir le hinréiteacht an eintitis nó an ghrúpa lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 10. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|