+Airteagal 12 Íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.

Airteagal 12 Íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, na ceanglais a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagail 12a go 12i, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, a mbeidh sé de cheangal ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus ar na heintitis agus ar na grúpaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7(4) agus in Airteagal 7(5) iad a chomhlíonadh gach tráth nuair a chomhlíontar na coinníollacha chun na míreanna seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 12 2.
Déanfaidh eintitis dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear eintitis ar cuid de ghrúpaí iad, an fhaisnéis a chur faoi bhráid údarás réitigh náisiúnta an Bhallstáit rannpháirtigh ina bhfuil siad bunaithe, i gcomhréir le hAirteagal 45i(1), (2) agus (4) de Threoir 2014/59/AE.

Déanfaidh an t-údarás náisiúnta réitigh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharchur chuig an mBord gan mhoill mhíchuí.

Airteagal 12 3.
Nuair a bheidh pleananna réitigh á ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 9, cinnfidh na húdaráis réitigh náisiúnta, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla agus, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagail 12a go 12i, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, atá le comhlíonadh gach tráth ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(3). Maidir leis sin, beidh feidhm ag an nós imeachta a bhunaítear in Airteagal 31.
Airteagal 12 4.
Déanfaidh an Bord aon chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, comhthreomhar le forbairt agus cothabháil na bpleananna réitigh de bhun Airteagal 8.
Airteagal 12 5.
Díreoidh an Bord a chinneadh ar na húdaráis réitigh náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29. Cuirfidh an Bord ceangal ar na húdaráis réitigh náisiúnta a fhíorú agus a áirithiú go gcoinneoidh na heintitis agus na grúpaí na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 12 6.
Cuirfidh an Bord BCE agus ÚBE ar an eolas faoi na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinnfidh sé do gach eintiteas agus grúpa faoi mhír 1.
Airteagal 12 7.
Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an Bord treoirlínte a eisiúint chuig údaráis réitigh náisiúnta agus treoracha a chur chucu, a bhaineann le heintitis shonracha nó le grúpaí sonracha.
Airteagal 12 8.
Beidh an Bord freagrach as na ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 77(2) agus Airteagal 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dheonú do na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Díreoidh an Bord cinneadh chuig an eintiteas lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.