+Airteagal 12c 8.

Airteagal 12c 8.

Féadfaidh an Bord an chumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú ar na heintitis réitigh ar G-SIInna iad nó atá faoi réir mhír (4) nó mhír (5) d'Airteagal 12d, agus a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo, ar choinníoll nach mó líon na n-eintiteas réitigh a shainaithnítear ná 30 % de na heintitis réitigh ar G-SIInna iad nó atá faoi réir mhír (4) nó mhír (5) d'Airteagal 12d a gcinnfidh an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12f ina leith.

Is iad seo thíos na coinníollacha a dhéanfaidh an Bord a mheas:

(a) 

táthar tar éis bacainní substaintiúla ar inréiteacht a shainaithint sa mheasúnú inréiteachta roimhe sin, agus:

(i) 

ní dhearnadh aon ghníomhaíocht feabhais tar éis chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 10(11), san amlíne a éilíonn an Bord; nó

(ii) 

ní féidir aghaidh a thabhairt ar na bacainní substaintiúla a sainaithníodh le haon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 10(11), agus dhéanfaí tionchar diúltach na bacainne substaintí ar inréiteacht a chúiteamh go páirteach nó go hiomlán tríd an gcumhacht dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a fheidhmiú; nó

(b) 

measfaidh an Bord go bhfuil teorainn le hindéantacht agus le creidiúnacht straitéis réitigh tosaíochta an eintitis réitigh, agus aird á tabhairt ar mhéid agus ar idirnascacht an eintitis, ar nádúr, ar raon feidhme, ar riosca agus ar chastacht ghníomhaíochtaí an eintitis, ar a stádas dlíthiúil agus ar a struchtúr scairshealbhóireachta; nó

(c) 

is léiriú iad na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE gur G-SII atá san eintiteas réitigh nó go bhfuil sé faoi réir d'Airteagal 12d(4) nó (5) den Rialachán seo agus ar eintiteas é de chuid an 20 % is airde de na hinstitiúidí, i dtéarmaí riosca de, a gcinneann an Bord an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) den Rialachán seo ina leith.

Chun críocha na gcéatadán dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfaidh an Bord an uimhir a eascróidh as an ríomh a shlánú suas go dtí an uimhir iomlán is gaire.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.