+Airteagal 12e An t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás eintitis réitigh de chuid G-SIInna agus fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais iad
---+Airteagal 12e 1.
---+Airteagal 12e 2.
---+Airteagal 12e 3.
---+Airteagal 12e 4.

Airteagal 12e An t-íoscheanglas a chinneadh maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás eintitis réitigh de chuid G-SIInna agus fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais iad

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12e 1.

Beidh na nithe seo a leanas sa cheanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) d'eintiteas réitigh ar G-SII nó cuid de G-SII é:

(a) 

na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(b) 

aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinnfidh an Bord a bhaineann go sonrach leis an eintiteas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 12e 2.

Is iad na ceanglais seo a leanas a bheidh sa cheanglas, dá dtagraítear in Airteagal 12a(1), maidir le fochuideachta ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais í:

(a) 

na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92b agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(b) 

aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinnfidh an Bord go sonracha i dtaca leis an bhfochuideachta ábhartha sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ceanglas a chomhlíonfar le cistí dílse agus dliteanais a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 12g agus Airteagal 92b(2) de Rialachán (AE) 575/2013.

Airteagal 12e 3.

Ní fhorchuirfidh an Bord ceanglas breise le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír (2) ach amháin sa chás seo a leanas:

(a) 

i gcás nach leor an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 nó i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo chun na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12d; agus

(b) 

go feadh méid a áiritheofar go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12d.

Airteagal 12e 4.
In aon chinneadh ón mBord ceanglas breise cistí dílse agus dliteanas incháilithe a fhorchur faoi phointe (b) de mhír 1 nó faoi phointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo, beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin, lena n-áirítear measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, agus déanfaidh an Bord athbhreithniú air gan aon mhoill mhíchuí chun aon athruithe a léiriú ar leibhéal an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE is infheidhme maidir leis an ngrúpa réitigh nó fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna nach G-SIInna de chuid an Aontais iad.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.