+Airteagal 12g 3.

Airteagal 12g 3.

Féadfaidh an Bord a cheadú go gcomhlíonfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 12(a)(1) ina hiomláine nó i bpáirt le ráthaíocht a sholáthraíonn an t-eintiteas réitigh, lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh bunaithe san aon Bhallstát rannpháirteach amháin agus is cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;

(b) 

comhlíonann an t-eintiteas réitigh an ceanglas dá dtagraítear i mír 12f;

(c) 

cuirtear an ráthaíocht ar fáil maidir leis an méid atá coibhéiseach le méid an cheanglais a dtéann sé ina ionad;

(d) 

déantar an ráthaíocht a thionscnamh nuair nach bhfuil sé ar chumas na fochuideachta a fiacha nó dliteanais eile a ghlanadh nuair a bheidh siad dlite, nó nuair a dhéantar cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21(3) i dtaca le fochuideachta, cibé acu is túisce a tharlóidh;

(e) 

déantar an ráthaíocht a chomhthaobhú le socrú airgeadais comhthaobhach mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) ar 50 % dá méid ar a laghad;

(f) 

comhlíonann an chomhthaobhacht lena dtacaítear an ráthaíocht ceanglais Airteagal 197 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus is leordhóthanach é, agus caolchorrlaigh atá coimeádach go hiomchuí curtha i bhfeidhm, chun an méid a rathaítear, dá dtagraítear i bpointe (e), a chumhdach;

(g) 

tá an chomhthaobhacht lena dtacaítear leis an ráthaíocht neamhualaithe agus ní úsáidtear go háirithe í chun tacú le haon ráthaíocht eile;

(h) 

tá aibíocht éifeachtach ag an gcomhthaobhacht a chomhlíonann an coinníoll aibíochta céanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus

(i) 

níl aon bhacainní dlíthiúla, rialála nó oibríochtúla ar aistriú na comhthaobhachta ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha, i gcás ina ndéanfar gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh san áireamh.

Chun críocha phointe (i) den chéad fhomhír, arna iarraidh sin don Bhord, soláthróidh an t-eintiteas réitigh tuairim dhlíthiúil neamhspleách réasúnaithe i scríbhinn uaidh nó léireoidh sé go sásúil, ar shlí eile, nach bhfuil aon bhacainní dlíthiúla, rialála ná oibriúcháin ann ar aistriú comhthaobhachta ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.