+Airteagal 12g An t-íoscheanglas institiúid-sonrach maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chur i bhfeidhm maidir le heintitis nach eintitis réitigh iad féin
---+Airteagal 12g 1.
---+Airteagal 12g 2.
---+Airteagal 12g 2a.
---+Airteagal 12g 2b.
---+Airteagal 12g 3.
---+Airteagal 12g 4.
|
Airteagal 12g An t-íoscheanglas institiúid-sonrach maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chur i bhfeidhm maidir le heintitis nach eintitis réitigh iad féin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12g 1.
|
Comhlíonfaidh institiúidí ar fochuideachtaí d'eintiteas réitigh nó d'eintiteas tríú tír iad, ach nach eintitis iad féin, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12d ar bhonn aonair. Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), nó maidir le hinstitiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é ach nach eintiteas réitigh ann féin é. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach is fochuideachtaí de chuid eintiteas tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 12d agus 12e a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite. De mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, féadfaidh an Bord a chinneadh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d a chinneadh ar bhonn comhdhlúite i leith fochuideachta dá dtagraítear sa mhír seo i gcás ina gcinneann an Bord go bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a)
comhlíonann an fhochuideachta ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
tá an fhochuideachta i seilbh dhíreach an eintitis réitigh agus:
—
is máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais nó máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais é an t-eintiteas réitigh;
—
tá an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh araon bunaithe sa Bhallstát rannpháirteach céanna agus is cuid den ghrúpa réitigh céanna iad;
—
níl aon fho-institiúid dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ná aon fho-eintiteas, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), den Treoir sin, i gcás ina bhfuil an t-eintiteas sin faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 45c nó 45f den Treoir sin nó in Airteagal 12d nó in Airteagal 12g den Rialachán seo, i seilbh dhíreach an eintitis réitigh, seachas an fhochuideachta lena mbaineann;
—
dhéanfadh na hasbhaintí is gá de bhun Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 difear díréireach don fhochuideachta;
(ii)
tá an fhochuideachta faoi réir an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ar bhonn comhdhlúite agus ar an mbonn sin amháin agus ní bheadh mar thoradh ar an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d den Rialachán seo a chinneadh ar bhonn comhdhlúite go mbeadh rómheastachán ar riachtanais athchaipitliúcháin, chun críocha Airteagal 45c(1), pointe (b), den Treoir seo, an fhoghrúpa ina bhfuil eintitis laistigh den imlíne comhdhlúthaithe lena mbaineann chun críocha phointe (b) den fhomhír seo, go háirithe i gcás ina bhfuil leitheadúlacht eintiteas leachtaithe laistigh den imlíne comhdhlúthaithe chéanna;
(b)
ní dhéantar, tríd an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite seachas an ceanglas sin a chomhlíonadh ar bhonn aonair, dochar, ar bhealach ábhartha, daon cheann de na nithe seo a leanas:
(i)
creidiúnacht agus indéantacht straitéis réitigh an ghrúpa;
(ii)
acmhainneacht na fochuideachta a ceanglas cistí dílse a chomhlíonadh tar éis na cumhachtaí díluachála agus comhshó a fheidhmiú; agus
(iii)
leordhóthanacht an tsásra aistrithe caillteanais agus athchaipitliúcháin inmheánaigh, lena n-áirítear díluacháil nó comhshó, i gcomhréir le hAirteagal 21, ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe de chuid na fochuideachta lena mbaineann nó de chuid eintitis eile sa ghrúpa réitigh.
I dtaca le grúpaí réitigh arna sainaithint i gcomhréir le pointe (24b) d'Airteagal 3(1), leis na hinstitiúidí creidmheasa sin atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach, ach nach eintitis réitigh iad féin, agus le haon eintitis réitigh nach bhfuil faoi réir ceanglais faoi Airteagal 12f(3), comhlíonfaidh siad Airteagal 12d(6) ar bhonn aonair. An ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintitis dá dtagraítear sa mhír seo, cinnfear é ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 12d.
|
|
Airteagal 12g 2.
|
Déanfar an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar eintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a úsáid:
(a)
dliteanais ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
eisítear iad don eintiteas réitigh agus ceannaíonn an t-eintiteas sin iad, go díreach nó go hindíreach, trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna a cheannaigh na dliteanais ón eintiteas atá faoi réir an Airteagail seo, nó eisítear iad do scairshealbhóir atá ann cheana nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna agus arb é an scairshealbhóir sin a cheannaíonn iad, chomh fada agus nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
(ii)
comhlíonann siad na critéir incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 72a de Rialachán (AE) Uimh 575/2013, cé is moite de phointí (b), (c), (k), (l) agus (m) d'Airteagal 72b(2) agus Airteagal 72b(3) go (5) den Rialachán sin;
(iii)
rangaítear iad, de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, níos ísle ná dliteanais nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (1) agus nach bhfuil incháilithe i dtaca le ceanglais cistí dílse;
(iv)
tá siad faoi réir na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 21 ar shlí atá comhsheasmhach le straitéis réitigh an ghrúpa réitigh, is é sin go háirithe gan difear a dhéanamh don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;
(v)
ní dhéanann an institiúid, go díreach nó go hindíreach, úinéireacht a fháil na n-ionstraimí sin a chistiú;
(vi)
ní thugtar le fios go sainráite ná go hintuigthe sna forálacha maidir leis na dliteanais go ndéanfaí na dliteanais a cheannach, a fhuascailt, a athcheannach nó a aisíoc go luath, de réir mar is infheidhme, ag an eintiteas faoi réir an Airteagail seo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis agus ní thugann an t-eintiteas sin an méid sin le fios ar aon slí eile;
(vii)
ní thugann na forálacha maidir leis na dliteanais an ceart don sealbhóir dlús a chur faoi íocaíocht sceidealta an úis nó na príomhshuime amach anseo, ach amháin i gcás dhócmhainneacht nó leachtú an eintitis atá faoi réir an Airteagail seo;
(viii)
ní dhéantar an leibhéal úis nó na híocaíochtaí díbhinne, de réir mar is infheidhme, a bheidh dlite i leith na ndliteanas, a leasú ar bhonn acmhainneacht chreidmheasa an eintitis atá faoi réir an Airteagail seo nó ar bhonn acmhainneacht chreidmheasa a mháthairghnóthais;
(b)
cistí dílse, mar a leanas:
(i)
caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, agus
(ii)
cistí dílse eile:
—
a eisítear d'eintiteas a chuimsítear sa ghrúpa réitigh céanna agus ceannaíonn na heintitis sin iad, nó
—
a eisítear d'eintitis nach gcuimsítear sa ghrúpa réitigh céanna agus ceannaíonn na heintitis sin iad chomh fada agus nach ndéantar difear, le feidhmiú na cumhachta díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagal 21, difear don rialú a dhéanann an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta.
|
|
Airteagal 12g 2a.
|
I gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear i mír 1 an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar bhonn comhdhlúite, áireofar i méid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis sin na dliteanais seo a leanas arna n-eisiúint i gcomhréir le mír 2, pointe (a), den Airteagal seo ag fochuideachta atá bunaithe san Aontas a áirítear i gcomhdhlúthú an eintitis sin:
(a)
dliteanais arna n-eisiúint don eintiteas réitigh agus arna gceannach ag an eintiteas sin, go díreach, nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna nach n-áirítear i gcomhdhlúthú an eintitis a chomhlíonann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar bhonn comhdhlúite;
(b)
dliteanais arna n-eisiúint do scairshealbhóir atá ann cheana nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é.
|
|
Airteagal 12g 2b.
|
Na dliteanais dá dtagraítear i mír 2a, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, ní bheidh siad níos mó ná an méid a chinnfear trí shuim na nithe uile seo a leanas a bhaint ó mhéid an cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 12(1) is infheidhme maidir leis an bhfochuideachta a áirítear sa chomhdhlúthú:
(a)
na dliteanais arna n-eisiúint don eintiteas agus arna gceannach ag an eintiteas a chomhlíonann an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12a(1) ar bhonn comhdhlúite, go díreach, nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna a áirítear i gcomhdhlúthú an eintitis sin;
(b)
an méid cistí dílse a eisítear i gcomhréir le mír 2, pointe (b), den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 12g 3.
|
Féadfaidh an Bord a cheadú go gcomhlíonfar an ceanglas dá dtagraítear i mír 12(a)(1) ina hiomláine nó i bpáirt le ráthaíocht a sholáthraíonn an t-eintiteas réitigh, lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tá an fhochuideachta agus an t-eintiteas réitigh bunaithe san aon Bhallstát rannpháirteach amháin agus is cuid den aon ghrúpa réitigh amháin iad;
(b)
comhlíonann an t-eintiteas réitigh an ceanglas dá dtagraítear i mír 12f;
(c)
cuirtear an ráthaíocht ar fáil maidir leis an méid atá coibhéiseach le méid an cheanglais a dtéann sé ina ionad;
(d)
déantar an ráthaíocht a thionscnamh nuair nach bhfuil sé ar chumas na fochuideachta a fiacha nó dliteanais eile a ghlanadh nuair a bheidh siad dlite, nó nuair a dhéantar cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 21(3) i dtaca le fochuideachta, cibé acu is túisce a tharlóidh;
(e)
déantar an ráthaíocht a chomhthaobhú le socrú airgeadais comhthaobhach mar a shainítear i bpointe (a) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
) ar 50 % dá méid ar a laghad;
(f)
comhlíonann an chomhthaobhacht lena dtacaítear an ráthaíocht ceanglais Airteagal 197 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus is leordhóthanach é, agus caolchorrlaigh atá coimeádach go hiomchuí curtha i bhfeidhm, chun an méid a rathaítear, dá dtagraítear i bpointe (e), a chumhdach;
(g)
tá an chomhthaobhacht lena dtacaítear leis an ráthaíocht neamhualaithe agus ní úsáidtear go háirithe í chun tacú le haon ráthaíocht eile;
(h)
tá aibíocht éifeachtach ag an gcomhthaobhacht a chomhlíonann an coinníoll aibíochta céanna dá dtagraítear in Airteagal 72c(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
(i)
níl aon bhacainní dlíthiúla, rialála nó oibríochtúla ar aistriú na comhthaobhachta ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha, i gcás ina ndéanfar gníomh réitigh i dtaca leis an eintiteas réitigh san áireamh.
Chun críocha phointe (i) den chéad fhomhír, arna iarraidh sin don Bhord, soláthróidh an t-eintiteas réitigh tuairim dhlíthiúil neamhspleách réasúnaithe i scríbhinn uaidh nó léireoidh sé go sásúil, ar shlí eile, nach bhfuil aon bhacainní dlíthiúla, rialála ná oibriúcháin ann ar aistriú comhthaobhachta ón eintiteas réitigh chuig an bhfochuideachta ábhartha.
|
|
Airteagal 12g 4.
|
I gcás, i gcomhréir leis an straitéis réitigh dhomhanda, nach eintitis réitigh iad fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas, nó máthairghnóthas de chuid an Aontais agus a fho-institiúidí, agus i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an straitéis sin, i gcás ina mbunaítear iad de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, comhlíonfaidh fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó, ar bhonn comhdhlúite, an máthairghnóthas de chuid an Aontais ceanglas Airteagal 12a(1) den Rialachán seo trí na hionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, a eisiúint d’aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
a máthairghnóthas deiridh atá bunaithe i dtríú tír;
(b)
fochuideachtaí an mháthairghnóthais deiridh sin atá bunaithe sa tríú tír chéanna;
(c)
eintitis eile faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, pointí (a)(i) agus (b)(ii), den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|