+Airteagal 19 3.

Airteagal 19 3.

A luaithe a mheasfaidh an Bord go bhféadfadh sé gur gá an Ciste a úsáid, rachaidh sé i dteagmháil go neamhfhoirmiúil, go pras, agus ar mhodh rúnda leis an gCoimisiún chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an gCiste a phlé, lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha a úsáide. A luaithe a bheidh an Bord sách cinnte go mbeidh úsáid na cabhrach ón gCiste i gceist leis an scéim réitigh atá beartaithe, tabharfaidh an Bord fógra foirmiúil don Choimisiún maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as an gCiste. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis go léir is gá don Choimisiún chun a mheasúnuithe a dhéanamh de bhun na míre seo, agus atá ina sheilbh ag an mBord nó atá de chumhacht aige a fháil i gcomhréir an Rialachán seo.

A luaithe a fhaightear an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú an ndéanfadh úsáid an Chiste iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt, trí fhabhar a thabhairt don tairbhí nó d’aon ghnóthas eile ionas, sa mhéid go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit, go mbeadh sé ar neamhréir leis an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm maidir le húsáid an Chiste na critéir a bunaíodh do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair mar a chumhdaítear in Airteagal 107 CFAE. Tabharfaidh an Bord don Choimisiún an fhaisnéis atá ina sheilbh, nó faisnéis a bhfuil sé de chumhacht ag an mBord í a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach chun an measúnú sin a dhéanamh.

Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, beidh sé faoi threoir ag na rialacháin ábhartha uile a ghlactar faoi Airteagal 109 CFAE, ag na teachtaireachtaí, treoraíochtaí agus bearta ábhartha uile a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm rialacha na gConarthaí a bhaineann le Státchabhair de réir mar a bheidh i bhfeidhm nuair a bheidh an measúnú le déanamh. Déanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm amhail agus gur tagairtí don Bhord a bhí sna tagairtí don Bhallstát atá freagrach as fógra a thabhairt i dtaobh na cabhrach, agus déanfar aon mhodhnú eile is gá.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste don mhargadh inmheánach, agus díreoidh sé an cinneadh sin chuig an mBord agus chuig údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith ag brath ar choinníollacha, ar ghealltanais nó ar geallúintí i leith an tairbhí agus cuirfear san áireamh ann an gá atá le gníomhaíocht réitigh ag an mBord a chur i gcrích go tráthúil.

Féadfar oibleagáidí ar an mBord, ar na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit rannpháirteacha nó sna Ballstáit lena mbaineann nó ar an tairbhí a leagan síos sa chinneadh sin freisin chun go gcumasófar faireachán ar chomhlíonadh an chinnidh. D’fhéadfadh ceanglais maidir le hiontaobhaí nó le duine neamhspleách eile a cheapadh chun cabhrú leis an bhfaireachán a bheith ar áireamh sna ceanglais sin. Féadfaidh iontaobhaí nó duine neamhspleách eile na feidhmeanna sin a d’fhéadfadh a bheith sonraithe sa chinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh.

Déanfar aon chinneadh de bhun na míre seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh diúltach a eisiúint, agus é dírithe chuig an mBord, i gcás ina gcinnfidh sé nach mbeadh úsáid bheartaithe an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach féidir é a chur chun feidhme san fhoirm atá beartaithe ag an mBord. Ar chinneadh mar sin a fháil, athbhreithneoidh an Bord a scéim réitigh agus ullmhóidh sé scéim réitigh athbhreithnithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.