+Airteagal 19 Státchabhair agus cabhair an Chiste
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
---+Airteagal 19 8.
---+Airteagal 19 9.
---+Airteagal 19 10.
---+Airteagal 19 11.

Airteagal 19 Státchabhair agus cabhair an Chiste

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 1.
Más rud é gurb é atá i ngníomhaíocht réitigh Státchabhair a dheonú de bhun Airteagal 107(1) CFAE, nó cabhair ón gCiste a dheonú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ní thiocfaidh an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) den Rialachán seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh cinneadh dearfach nó cinneadh coinníollach glactha ag an gCoimisiún nó cinneadh gan agóid a dhéanamh maidir le comhoiriúnacht úsáid na cabhrach sin don mhargadh inmheánach. Glacfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar an ngá atá ann go ndéanfaidh an Bord an scéim réitigh a fhorghníomhú go tráthúil, an cinneadh maidir le comhoiriúnacht úsáid na Státchabhrach nó na cabhrach ón gCiste leis an margadh inmheánach faoin tráth a fhormhuineoidh sé an scéim réitigh ar a dhéanaí nó a dhéanfaidh sé agóid ina coinne de bhun Airteagal 18(7), an dara fomhír, den Rialachán seo, nó roimh dhul in éag na tréimhse 24 uair an chloig dá dtagraítear in Airteagal 18(7), an cúigiú fomhír, den Rialachán seo, cibé acu is túisce.

Agus na cúraimí a thugtar dóibh le hAirteagal 18 á gcomhlíonadh acu, beidh socruithe struchtúracha i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais lena n-áiritheofar neamhspleáchas oibríochtúil agus lena seachnófar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na feidhmeanna a chuirtear de chúram orthu na cúraimí sin agus feidhmeanna eile a chomhlíonadh agus poibleoidh siad, ar bhealach iomchuí, an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena n-eagrú inmheánach i ndáil leis sin.

Airteagal 19 2.
Tar éis teachtaireacht a fháil de bhun Airteagal 18(1) den Rialachán seo, nó ar a thionscnamh féin, má mheasann an Bord gur Státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE a d'fhéadfadh a bheith i ngníomhartha réitigh, tabharfaidh sé cuireadh do na Ballstáit rannpháirteacha nó do na Ballstáit lena mbaineann, fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún faoi na bearta atá beartaithe faoi Airteagal 108(3) CFAE. Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon chás ina n-iarrfaidh sé ar Bhallstát amháin nó níos mó fógra a thabhairt faoi Airteagal 108(3) CFAE.
Airteagal 19 3.
A luaithe a mheasfaidh an Bord go bhféadfadh sé gur gá an Ciste a úsáid, rachaidh sé i dteagmháil go neamhfhoirmiúil, go pras, agus ar mhodh rúnda leis an gCoimisiún chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an gCiste a phlé, lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha a úsáide. A luaithe a bheidh an Bord sách cinnte go mbeidh úsáid na cabhrach ón gCiste i gceist leis an scéim réitigh atá beartaithe, tabharfaidh an Bord fógra foirmiúil don Choimisiún maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as an gCiste. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis go léir is gá don Choimisiún chun a mheasúnuithe a dhéanamh de bhun na míre seo, agus atá ina sheilbh ag an mBord nó atá de chumhacht aige a fháil i gcomhréir an Rialachán seo.

A luaithe a fhaightear an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú an ndéanfadh úsáid an Chiste iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh a bhagairt, trí fhabhar a thabhairt don tairbhí nó d’aon ghnóthas eile ionas, sa mhéid go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit, go mbeadh sé ar neamhréir leis an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm maidir le húsáid an Chiste na critéir a bunaíodh do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair mar a chumhdaítear in Airteagal 107 CFAE. Tabharfaidh an Bord don Choimisiún an fhaisnéis atá ina sheilbh, nó faisnéis a bhfuil sé de chumhacht ag an mBord í a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach chun an measúnú sin a dhéanamh.

Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, beidh sé faoi threoir ag na rialacháin ábhartha uile a ghlactar faoi Airteagal 109 CFAE, ag na teachtaireachtaí, treoraíochtaí agus bearta ábhartha uile a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm rialacha na gConarthaí a bhaineann le Státchabhair de réir mar a bheidh i bhfeidhm nuair a bheidh an measúnú le déanamh. Déanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm amhail agus gur tagairtí don Bhord a bhí sna tagairtí don Bhallstát atá freagrach as fógra a thabhairt i dtaobh na cabhrach, agus déanfar aon mhodhnú eile is gá.

Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste don mhargadh inmheánach, agus díreoidh sé an cinneadh sin chuig an mBord agus chuig údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith ag brath ar choinníollacha, ar ghealltanais nó ar geallúintí i leith an tairbhí agus cuirfear san áireamh ann an gá atá le gníomhaíocht réitigh ag an mBord a chur i gcrích go tráthúil.

Féadfar oibleagáidí ar an mBord, ar na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit rannpháirteacha nó sna Ballstáit lena mbaineann nó ar an tairbhí a leagan síos sa chinneadh sin freisin chun go gcumasófar faireachán ar chomhlíonadh an chinnidh. D’fhéadfadh ceanglais maidir le hiontaobhaí nó le duine neamhspleách eile a cheapadh chun cabhrú leis an bhfaireachán a bheith ar áireamh sna ceanglais sin. Féadfaidh iontaobhaí nó duine neamhspleách eile na feidhmeanna sin a d’fhéadfadh a bheith sonraithe sa chinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh.

Déanfar aon chinneadh de bhun na míre seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh diúltach a eisiúint, agus é dírithe chuig an mBord, i gcás ina gcinnfidh sé nach mbeadh úsáid bheartaithe an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach féidir é a chur chun feidhme san fhoirm atá beartaithe ag an mBord. Ar chinneadh mar sin a fháil, athbhreithneoidh an Bord a scéim réitigh agus ullmhóidh sé scéim réitigh athbhreithnithe.

Airteagal 19 4.
I gcás ina mbeidh mórchúiseanna amhrais ag an gCoimisiún i dtaobh an bhfuil a chinneadh faoi mhír 3 á chomhlíonadh, seolfaidh sé na himscrúduithe is gá. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí sin atá ar fáil dó faoi na rialacháin agus na bearta eile dá dtagraítear sa cheathrú fomhír de mhír 3 a fheidhmiú, agus beidh sé faoi threoir acu sin.
Airteagal 19 5.
Ar bhonn na n-imscrúduithe a dhéanann an Coimisiún, agus tar éis dó fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann á iarraidh orthu a gcuid tuairimí a thabhairt, má mheasann an Coimisiún nach mbeidh an cinneadh faoi mhír 3 comhlíonta, eiseoidh sé cinneadh chuig údarás réitigh náisiúnta sa Bhallstát rannpháirteach lena mbaineann á iarraidh ar an údarás sin na méideanna a bheidh mí-úsáidte a ghnóthú agus é sin a dhéanamh laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún. Maidir leis an gcabhair Chiste a bheidh le gnóthú de bhun cinnidh gnóthacháin, áireofar ann ús ag ráta iomchuí a bheidh socraithe ag an gCoimisiún agus íocfar an méid sin leis an mBord.

Déanfaidh an Bord aon mhéideanna a bheidh faighte faoin gcéad fhomhír a íoc isteach sa Chiste agus cuirfidh sé na méideanna sin san áireamh nuair a bheidh ranníocaíochtaí á gcinneadh aige i gcomhréir le hAirteagal 70 agus le hAirteagal 71.

Maidir leis an nós imeachta gnóthacháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, urramóidh sé ceart na dtairbhithe chun dea-riaracháin agus an ceart atá acu chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 41 agus in Airteagal 42 den Chairt.

Airteagal 19 6.
Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe a fhéadfaidh an Coimisiún a bhunú ina chinneadh faoi mhír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Bord tuarascálacha bliantúla ina mbeidh measúnú ar a chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste leis an gcinneadh faoin mír sin a thíolacadh don Choimisiún, agus bainfidh an Bord leas as a chuid cumhachtaí faoi Airteagal 34 nuair a bheidh na tuarascálacha sin á dtarraingt suas aige.
Airteagal 19 7.
Aon Bhallstát nó aon duine, gnólacht nó comhlachas a bhféadfadh úsáid an Chiste difear a dhéanamh dá leasanna, go háirithe na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, beidh sé de cheart acu an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon mhí-úsáid amhrasta den Chiste nach bhfuil comhoiriúnach leis an gcinneadh faoi mhír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 19 8.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 93 a bhaineann le rialacha mionsraithe nós imeachta maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

ríomh an ráta úis atá le cur i bhfeidhm i gcás cinnidh gnóthacháin i gcomhréir le mír 5;

(b) 

ráthaíochtaí don cheart chun dea-riaracháin agus don cheart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, dá dtagraítear i mír 5.

Airteagal 19 9.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún, i ndiaidh moladh ón mBord nó ar a thionscnamh féin, nach bhfuil cur i bhfeidhm na n-uirlisí agus na ngníomhaíochtaí réitigh ag freagairt do na critéir ar ar bunaíodh a chinneadh tosaigh faoi mhír 3, féadfaidh sé cinneadh den sórt sin a athbhreithniú agus na leasuithe iomchuí a ghlacadh.
Airteagal 19 10.
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh d’aon toil, ar iarratas a fháil ó Bhallstát nó ón mBord, laistigh de 7 lá tar éis an t-iarratas sin a bheith déanta, go measfar úsáid an Chiste a bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach más rud é go mbeidh bonn cirt le cinneadh mar sin in imthosca eisceachtúla. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i gcás nach mbeidh cinneadh déanta ag an gComhairle laistigh den tréimhse 7 lá sin.
Airteagal 19 11.
Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha go mbeidh na cumhachtaí is gá ag a n-údaráis réitigh náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfar aon choinníollacha a leagtar síos i gcinneadh ón gCoimisiún de bhun mhír 3 agus chun méideanna mí-úsáidte a ghnóthú de bhun cinneadh ón gCoimisiún faoi mhír 5.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.