+Airteagal 27 13.

Airteagal 27 13.

Déanfaidh an Bord measúnú ar bhonn luachála lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 20(1) go (15), an comhiomlán den mhéid seo a leanas:

(a) 

i gcás inarb ábhartha, an méid faoi nach mór ►M1  dliteanais in-fhortharrthála ◄ a dhíluacháil lena áirithiú go mbeidh glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach comhionann le nialas; agus

(b) 

i gcás inarb ábhartha, an méid faoi nach mór ►M1  dliteanais in-fhortharrthála ◄ a chomhshó ina scaireanna nó ina chineálacha eile d'ionstraimí caipitil chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a athbhunú i gcás:

(i) 

na hinstitiúide faoi réiteach; nó

(ii) 

na droichead-institiúide.

Déanfar a bhunú sa mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír an méid faoinar gá ►M1  dliteanais in-fhortharrthála ◄ a dhíluacháil nó a chomhshó chun gur féidir cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, bunófar ann cóimheas na droichead-institiúide, á chur san áireamh aon ranníocaíocht caipitil ón gCiste de bhun phointe (d) d'Airteagal 76(1), agus chun go mbeidh dóthain muiníne ag an margadh as an institiúid faoi réiteach nó as an droichead-institiúid agus a chur ar a cumas leanúint ar aghaidh de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh thar thréimhse de bhliain amháin ar a laghad agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe a dhéanamh faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi Threoir 2014/65/AE a chur i gcrích.

I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an mBord an uirlis deighilte sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 26 a úsáid, déanfar meastóireacht stuamachta ar riachtanais chaipitil an mheáin bhainistíochta sócmhainní a chur san áireamh sa mhéid lena gcaithfear ►M1  dliteanais in-fhortharrthála ◄ a laghdú, de réir mar is iomchuí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.