+Airteagal 27 An uirlis fortharrthála
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
---+Airteagal 27 6.
---+Airteagal 27 7.
---+Airteagal 27 8.
---+Airteagal 27 9.
---+Airteagal 27 10.
---+Airteagal 27 11.
---+Airteagal 27 12.
---+Airteagal 27 13.
---+Airteagal 27 14.
---+Airteagal 27 15.
---+Airteagal 27 16.
|
Airteagal 27 An uirlis fortharrthála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Féadfar an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na cuspóirí seo a leanas:
(a)
chun eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a athchaipitliú ar eintiteas é a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a mhéid is leor chun cumas an eintitis a athbhunú le go bhféadfaidh sé na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh, (a mhéid a bheidh feidhm ag na coinníollacha sin maidir leis an eintiteas), agus leanúint de na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé údaraithe a chur i gcrích faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi Threoir 2014/65/AE (i gcás ina mbeidh an t-eintiteas údaraithe faoi na Treoracha sin), agus chun muinín leordhóthanach margaidh as institiúid nó as eintiteas a chothú;
(b)
chun príomhshuim na n-éileamh nó na n-ionstraimí fiachais atá aistrithe a chomhshó go cothromas nó a laghdú:
(i)
chuig droichead-institiúid d'fhonn caipiteal a sholáthar don droichead-institiúid sin; nó
(ii)
faoin uirlis díolacháin gnó nó faoin uirlis deighilte sócmhainní.
Faoi chuimsiú na scéime réitigh, maidir leis an uirlis fortharrthála, bunófar an méid seo a leanas:
(a)
an méid comhiomlán faoi nach mór
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ a laghdú nó a chomhshó, i gcomhréir le mír 13;
(b)
na dliteanais a fhéadfar a chur as an áireamh i gcomhréir le mír 5 go mír 14;
(c)
na cuspóirí atá leis an bplean atheagrúcháin gnó, agus inneachar íosta an phlean sin, atá le cur isteach i gcomhréir le mír 16.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Ní fhéadfar an uirlis fortharrthála a chur i bhfeidhm chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ach amháin má tá ionchas réasúnach ann go ndéanfaidh cur i bhfeidhm na huirlise sin, in éineacht le bearta ábhartha eile lena n-áirítear bearta arna gcur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean atheagrúcháin gnó a cheanglaítear le mír 16 agus sa bhreis ar na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach, fóntacht airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis lena mbaineann a athbhuanú. Beidh feidhm ag aon cheann de na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2)(a), (b) agus (c) agus ag an uirlis fortharrthála dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin, de réir mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Ní bheidh na dliteanais seo a leanas, bídís á rialú le dlí Ballstáit nó le dlí tríú tíre, faoi réir díluachála nó comhshó:
(b)
dliteanais urraithe lena n-áirítear bannaí cumhdaithe agus dliteanais i bhfoirm ionstraimí airgeadais a úsáidtear chun críocha fálaithe agus atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe;
(c)
aon dliteanas a eascraíonn de bhua sócmhainní nó airgead cliaint a bheith i seilbh institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo, lena n-áirítear sócmhainní cliaint nó airgead cliaint atá ar seilbh thar ceann GCUIanna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE nó CIManna de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
), ar choinníoll go mbeidh an cliant sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta is infheidhme;
(d)
aon dliteanais a eascraíonn de bhua caidrimh mhuinínigh idir eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 (mar mhuiníneach) agus duine eile (mar thairbhí), ar choinníoll go mbeidh an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó sibhialta is infheidhme;
(e)
dliteanais i leith institiúidí, gan eintitis atá mar chuid den ghrúpa céanna a áireamh, a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná seacht lá acu;
▼M1
(f)
dliteanais a bhfuil aibíocht níos lú ná seacht lá fágtha iontu, atá dlite do chórais nó d'oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) nó dá rannpháirtithe agus a thagann as rannpháirtíocht i gcóras den chineál sin, nó do chontrapháirtithe lárnacha arna n-údarú san Aontas de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus contrapháirtithe lárnacha de chuid tríú tíortha arna n-aithint ag ESMA de bhun Airteagal 25 den Rialachán sin;
▼B
(g)
dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:
(i)
fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;
(ii)
creidiúnaí tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don institiúid nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, ar earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d'fheidhmiú laethúil a hoibríochtaí nó a oibríochtaí, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh, a bheith á gcur ar fáil aige don institiúid nó don eintiteas sin;
(iii)
údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go mbeidh tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí is infheidhme;
(iv)
scéimeanna ráthaithe taiscí a eascraíonn as ranníocaíochtaí atá dlite i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE;
▼M1
(h)
dliteanais i leith eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (d) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2014/59/AE atá mar chuid den aon ghrúpa réitigh amháin ach nach eintitis réitigh iad féin, beag beann ar a n-aibíochtaí ach amháin i gcás ina rangaítear na heintitis réitigh sin faoi ghnáthdhliteanais neamhurraithe faoi dhlí náisiúnta ábhartha an Bhallstáit rannpháirtigh lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta is infheidhme an 28 Nollaig 2020; i gcásanna ina bhfuil feidhm ag an eisceacht sin, déanfaidh an Bord a mheasúnú cé acu is leor nó nach leor líon na n-ítimí a chomhlíonann Airteagal 45g(2) chun go gcuirfí chun feidhme straitéis réitigh na tosaíochta.
▼B
Ní bheidh feidhm ag pointe (g)(i) den chéad fhomhír maidir leis an gcomhchuid inathraithe de luachsaothair ghlacadóirí riosca ábhartha mar a shainaithnítear in Airteagal 92(2) de Threoir 2013/36/AE.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Ní chuirfidh raon feidhme na huirlise fortharrthála dá dtagraítear i mir 3 den Airteagal seo cosc, i gcás inarb iomchuí, ar fheidhmiú na gcumhachtaí fortharrthála maidir le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas a mbeidh comhthaobhacht geallta ina leith atá níos mó ná luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe nó le haon mhéid de thaisce atá níos mó ná an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/59/AE. Maidir leis na sócmhainní urraithe uile a bhaineann le comhthiomsú cumhdaigh do bhanna faoi chumhdach, áiritheoidh an Bord nach ndéanfar aon difear dóibh, go mbeidh siad fós deighilte agus go leanfaidh siad de dhóthain cistiúcháin a fháil. Gan dochar do na rialacha maidir le neamhchosaintí móra i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2013/36/AE, agus chun foráil a dhéanamh d'inréiteacht eintiteas agus grúpaí, déanfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta, teorainn a chur, i gcomhréir le hAirteagal 10(11)(b) den Rialachán seo, lena mhéid a shealbhaíonn insititiúidí eile
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ , ach amháin i gcás dliteanas a bheidh ar seilbh ag eintitis ar cuid den ghrúpa céanna iad.
|
|
Airteagal 27 5.
|
In imthosca eisceachtúla, nuair a chuirtear an uirlis forrtharthála i bhfeidhm, féadfar dliteanais áirithe a eisiamh nó a pháirteisiamh ó chur i bhfeidhm na gcumhachtaí díluachála nó na gcumhachtaí comhshó más rud é:
(a)
nach féidir an dliteanas sin a fhortharrtháil laistigh de thréimhse réasúnach ama ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh náisiúnta ábhartha;
(b)
go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach le gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla agus na gcroílínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágfaidh gur féidir leis an institiúid faoi réiteach leanúint d'oibríochtaí, de sheirbhísí agus d'idirbhearta lárnacha;
(c)
go mbeidh géarghá leis an eisiamh agus go mbeidh sé comhréireach ionas nach dtarlóidh aicídiú forleathan, go háirithe a mhéid a bhaineann le taiscí incháilithe atá ar seilbh ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, a chuirfeadh isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais, lena n-áirítear bonneagair an mhargaidh airgeadais, ar shlí a d'fhéadfadh suaitheadh tromchúiseach a chruthú i ngeilleagar Ballstáit nó i ngeilleagar an Aontais; nó
(d)
go mbeadh cur i bhfeidhm na huirlise fortharrthála maidir leis na dliteanais sin ina chúis leis an luach a scriosadh sa chaoi is go mbeadh na caillteanais arna n-iompar ag creidiúnaithe eile níos airde ná mar a bheidís mura gcuirfí na dliteanais sin san áireamh san fhortharrtháil.
Déanfaidh an Bord measúnú cúramach ar cheart dliteanais i leith institiúidí nó eintiteas atá mar chuid den ghrúpa réitigh céanna ach nach eintitis réitigh iontu féin iad agus nach bhfuil eisiata ó chur i bhfeidhm cumhachtaí díluachála agus comhshó faoi phointe (h) de mhír (3), ar cheart iad sin a eisiamh nó a eisiamh go páirteach faoi phointí (a) go (d) den chéad fhomhír chun cur chun feidhme éifeachtach na straitéise réitigh a áirithiú. I gcás ina ndéantar dliteanas in-fhortharrthála, nó aicme dliteanas in-fhortharrthála, a eisiamh nó a eisiamh go páirteach faoi mhír seo, féadfar leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirtear i bhfeidhm, maidir le dliteanais infhortharrthála eile a mhéadú chun eisiamhanna den sórt sin a chur san áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonann leibhéal na díluachála agus an chomhshó a chuirtear i bhfeidhm ar dhliteanais incháilithe eile an prionsabal a leagtar síos i bpointe (g) d'Airteagal 15(1).
|
|
Airteagal 27 6.
|
I gcás ina ndéantar dliteanas in-fhortharrthála, nó aicme dliteanas in-fhortharrthála, a eisiamh nó a eisiamh go páirteach de bhun Airteagal 5, agus nach mbeidh na caillteanais a bheadh le hiompar ag na dliteanais sin tugtha ar aghaidh go hiomlán chuig creidiúnaithe eile, féadfar ranníocaíocht ón gCiste a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach chun ceann amháin nó an dá cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
chun aon chaillteanais nach bhfuil iompartha ag dliteanais incháilithe a chumhdach agus glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach a chur ar ais go dtí nialas i gcomhréir le pointe (a) de mhír 13;
(b)
chun ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí caipitil san institiúid faoi réiteach a cheannach, chun an institiúid a athchaipitliú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 13.
|
|
Airteagal 27 7.
|
Ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh ach amháin ar choinníoll:
(a)
go mbeidh ranníocaíocht déanta ag scairshealbhóirí agus, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ eile trí dhíluacháil, chomhshó nó ar shlí eile, ar ranníocaíocht chuig iompar caillteanais agus chuig athchaipitliú í atá comhionann le méid nach lú ná 8 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas tráth na gníomhaíochta réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15); agus
(b)
nach mó an ranníocaíocht ón gCiste ná 5 % d'iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas tráth na gníomhaíochta réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15).
|
|
Airteagal 27 8.
|
Féadfar ranníocaíocht an Chiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a mhaoiniú mar seo a leanas:
(a)
tríd an méid atá ar fáil don Chiste a cruinníodh trí ranníocaíochtaí ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus in Airteagal 67(4), Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán seo;
(b)
i gcás nach leor na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, méideanna arna gcruinniú ó mhodhanna cistiúcháin eile i gcomhréir le hAirteagal 73 agus Airteagal 74.
|
|
Airteagal 27 9.
|
In imthosca urghnácha, féadfar cistiú breise a lorg ó fhoinsí maoinithe eile sa chás:
(a)
go mbeidh an teorainn 5 % a shonraítear i bpointe (b) de mhír 7 sroichte; agus
(b)
go mbeifear tar éis gach dliteanas neamhthosaíochta gan urrús, seachas taiscí incháilithe, a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-iomláine.
|
|
Airteagal 27 10.
|
Mar rogha mhalartach nó mar rogha bhreise, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 9, féadfar ranníocaíocht a dhéanamh ó na hacmhainní a cruinníodh trí ranníocaíochtaí ex-ante i gcomhréir le hAirteagal 70 agus nár úsáideadh fós.
|
|
Airteagal 27 11.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 44(8) de Threoir 2014/59/AE.
|
|
Airteagal 27 12.
|
Le linn an cinneadh dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an méid a leanas:
(a)
an prionsabal gurb iad scairshealbhóirí i dtosach agus ina dhiaidh sin creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach in ord tosaíochta ba cheart na caillteanais a iompar, mar riail ghinearálta;
(b)
an leibhéal d'acmhainneacht iompair caillteanais a d'fhágfaí san institiúid faoi réiteach dá ndéanfaí an dliteanas nó an aicme de dhliteanais a eisiamh; agus
(c)
an gá go mbeidh acmhainní leormhaithe ann i gcónaí do mhaoiniú an réitigh.
|
|
Airteagal 27 13.
|
Déanfaidh an Bord measúnú ar bhonn luachála lena gcomhlíontar ceanglais Airteagal 20(1) go (15), an comhiomlán den mhéid seo a leanas:
(a)
i gcás inarb ábhartha, an méid faoi nach mór
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ a dhíluacháil lena áirithiú go mbeidh glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach comhionann le nialas; agus
(b)
i gcás inarb ábhartha, an méid faoi nach mór
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ a chomhshó ina scaireanna nó ina chineálacha eile d'ionstraimí caipitil chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a athbhunú i gcás:
(i)
na hinstitiúide faoi réiteach; nó
(ii)
na droichead-institiúide.
Déanfar a bhunú sa mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír an méid faoinar gá
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ a dhíluacháil nó a chomhshó chun gur féidir cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, bunófar ann cóimheas na droichead-institiúide, á chur san áireamh aon ranníocaíocht caipitil ón gCiste de bhun phointe (d) d'Airteagal 76(1), agus chun go mbeidh dóthain muiníne ag an margadh as an institiúid faoi réiteach nó as an droichead-institiúid agus a chur ar a cumas leanúint ar aghaidh de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh thar thréimhse de bhliain amháin ar a laghad agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe a dhéanamh faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi Threoir 2014/65/AE a chur i gcrích. I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag an mBord an uirlis deighilte sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 26 a úsáid, déanfar meastóireacht stuamachta ar riachtanais chaipitil an mheáin bhainistíochta sócmhainní a chur san áireamh sa mhéid lena gcaithfear
►M1
dliteanais in-fhortharrthála ◄ a laghdú, de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 27 14.
|
Féadfar na heisiaimh faoi mhír 5 a chur i bhfeidhm chun dliteanas a eisiamh go hiomlán ó dhíluacháil nó chun méid na díluachála a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an dliteanas sin a theorannú.
|
|
Airteagal 27 15.
|
Comhlíonfaidh na cumhachtaí díluachála agus comhshó na ceanglais maidir le tosaíocht na n-éileamh a leagtar síos in Airteagal 17 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 27 16.
|
Déanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an plean atheagrúcháin gnó a a bheidh faighte i gcomhréir le hAirteagal 52(1), (2) agus (3) de Threoir 2014/59/AEón gcomhlacht bainistíochta nó ón duine nó na daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de a chur faoi bhráid an Bhoird láithreach bonn. Laistigh de dhá sheachtain ón dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin gnó isteach, déanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta ábhartha an measúnú a bheidh déanta aige ar an bplean a sholáthar don Bhord. Laistigh de mhí amháin ón dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin gnó isteach, déanfaidh an Bord a mheasúnú cé chomh dóchúil atá sé go ndéanfaidh an plean, má chuirtear chun feidhme é, inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú. Tabharfar an measúnú chun críche i gcomhaontú leis an údarás inniúil náisiúnta nó le BCE, i gcás inarb ábhartha. I gcás inar deimhin leis an mBord go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean, tabharfaidh sé cead don údarás réitigh náisiúnta an plean a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 52(7) de Threoir 2014/59/AE. I gcás nach deimhin leis an mBord go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean, ordóidh sé don údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó don duine nó na daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) den Treoir sin faoi na cúiseanna imní atá air agus iarrfaidh sé go ndéanfar an plean a leasú ar chaoi a dtabharfar aghaidh ar na cúiseanna imní sin i gcomhréir le hAirteagal 52(8) den Treoir sin. Sa dá chás sin, déanfar an méid sin i gcomhaontú leis an údarás inniúil náisiúnta nó le BCE, i gcás inarb ábhartha. Laistigh de dhá sheachtain ón dáta a bhfaighfear an fógra sin, déanfaidh an comhlacht bainistíochta nó an duine nó daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de Threoir 2014/59/AE plean leasaithe a chur faoi bhráid an údaráis réitigh náisiúnta i gcomhair a fhormheasta. Déanfaidh an t-údarás réitigh náisiúnta an plean leasaithe agus a mheasúnú ar an bplean sin a chur faoi bhráid an Bhoird. Déanfaidh an Bord an plean leasaithe a mheasúnú, agus ordóidh sé don údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt don chomhlacht bainistíochta nó don duine nó na daoine arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 72(1) de Threoir 2014/59/AE laistigh de sheachtain amháin maidir lenar deimhin leis nó nach deimhin leis go dtugann an plean, arna leasú, aghaidh ar na cúiseanna imní a bheidh tugtha le fios san fhógra nó an mbeidh gá le leasú breise. Déanfaidh an Bord plean atheagrúcháin gnó an ghrúpa a chur i dteachtaireacht chuig ÚBE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|